Dáil debates

Wednesday, 16 June 2021

Common Agricultural Policy: Statements

 

3:02 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist fíor-shimplí agam don Aire. Cén fáth an bhfuil sé ag troid i gcoinne CAP a bheadh níos fearr d’fhormhór na bhfeirmeoirí ar fud an iarthair, ar fud ceantair Ghaeltachta, ina chontae féin i nDún na nGall agus i mo chontae, Contae na Gaillimhe? Mar gheall ar a dhearcadh agus dearcadh páirtithe an Rialtais, tá feirmeoirí atá ag streachailt cheana féin, atá ag cur seirbhísí agus earraí fíorthábhachtacha ar fáil dúinn ar fad agus atá ag déanamh oibre iontach, chun cailleadh amach ar na milliúin euro. Tá Gaillimh chun cailleadh amach ar €5.3 milliún, Ciarraí ar €11.3 milliún agus Maigh Eo ar €11.4 milliún. Tá sé dochreidte céard atá ar siúl ar an Rialtas. Bhí an tAire ar son coinbhéirseacht agus é mar bhall den Fhreasúra ach anois agus é sa rialtas tá dearmad iomlán déanta aige air seo. Ba cheart go mbeadh íocaíochtaí lochtaithe tosaí ann. Tá sé go hiomlán mí-fhéaráilte go bhfuil beirt fheirmeoir atá ag déanamh an post ceannann céanna ag fáil íocaíochtaí éagsúla mar gheall ar bhealach measta atá bunaithe ar bhearta táirgiúlachta ó 20 bliain ó shin. Níl sé seo féaráilte agus tá muintir na Gaeltachta ag fulaingt dá bharr.

I have a simple and straightforward question for the Minister. Why is he arguing against measures that would benefit the majority of farmers, including those in his own home county of Donegal and indeed those in my home county of Galway. Quite simply, the Government's being against the redistribution of funds to farmers in western counties will see Galway farmers lose out on €5.3 million. Many of these farmers are already struggling and are doing absolutely vital work. The Minister was in favour of convergence when in opposition. I note he told my colleague, an Teachta Carthy, that he was only in favour of continuing convergence through the transition period but I am pretty sure if farmers in my home county of Galway and in his own home county of Donegal were asked, they would say the Minister set himself on a platform of convergence. He himself has highlighted that small to medium farmers with valuable entitlements might suffer. Why is he resisting this? Why is he continuing to treat farmers in County Galway in a fundamentally unfair way? The CAP has moved on; productivity measures linked to the early 2000s should have no bearing. How can the Minister justify paying two farmers who are doing the exact same job different amounts based on those outdated metrics?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.