Dáil debates

Tuesday, 1 June 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Seirbhísí Oileán

10:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht na ceiste seo a thógáil, ach caithfidh mé a rá go bhfuil an t-eolas a tugadh dó thar a bheith easnamhach. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá €1.4 billiún do chaitheamh ar sheirbhísí uisce agus séarachais i mbliana agus ní beag an méid é, ach tá lúb ar lár anseo, in ainneoin an méid a dúirt an tAire Stáit.

Nuair a chuir mise an cheist ar Uisce Éireann an raibh i gceist aige scéim séarachais ceart a chur isteach i gCill Rónáin a chlúdódh, mar shampla, séarachas na comhairle contae ó na leithris poiblí agus áitreabh eile ar an mbaile, séard a dúirt sé liom ná nach féidir leis scéim séarachais a chur isteach i gCill Rónáin mar go bhfuil rialacha ag an rialaitheoir a chuireann cosc air aon scéim séarachais nua a fhorbairt. Léifidh mé amach go díreach, focal ar fhocal, an rud a dúirt sé:

At present, there is no approved funding model for such situations and Irish Water currently has no remit or responsibility to fund such schemes under CRU funding rules. [Mar a dúirt siad fhéin] Irish Water is not responsible for the operation of any other waste water system on Inis Mór other than through providing for the aforementioned Kilronan cottages. Irish Water has no plans to provide a waste water treatment plant at Kilronan village.

An bhfuil i gceist ag an Aire Stáit na rialacha a athrú chun gur féidir scéimeanna uisce, mar a dúirt an tAire Stáit féin, a chur ar fáil ar na hoileáin? Faoi láthair, is cosúil go bhfuil cosc ann ó thaobh an rialatheora de ar é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.