Dáil debates

Tuesday, 1 June 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Seirbhísí Oileán

10:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Beidh spéis ag an Leas-Cheann Comhairle san ábhar seo freisin. Tá baile Chill Rónáin suite ar Inis Mór nó ar na hOileáin Árann mar is ceart a rá. Tá scéim bheag séarachais i seilbh Uisce Éireann i gCill Rónáin a dhéanann freastal ar thithe comhairle contae a tógadh ansin blianta fada ó shin. Thóg sé píosa fada go dtí gur ghlac Uisce Éireann go raibh freagracht air i dtaobh na scéime seo a ghlac sé faoi dheireadh. Taobh amuigh de sin, níl aon scéim séarachais ar an mbaile beag seo, baile go bhfuil bocht i dtaobh foráis faoi agus a dtugann go leor daoine cuairt air. Tá sé spéisiúil a thógáil san áireamh fiú nach bhfuil na leithris poiblí atá ag an gcomhairle contae ceangailte le scéim séarachais poiblí ach le ceann beag príobháideach.

Le tamall fada anuas, tá mé ag scríobh agus ag scríobh ag an EPA faoin gceist seo agus de réir mar a thuigim tá sé ag feidhmiú faoi dheireadh le rud éigin a dhéanamh faoi ach is paisteáil atá i gceist. Tá a fhios agam go bhfuil cás cúirte - níl a fhios agam céard faoi go díreach - le bheith ann an mhí seo. Tá an cás go ginearálta faoi shéarachas ach níl a fhios agam cén chóras nó céard faoi. Is cuma cén chaoi a bhreathnóimid air, níl ach réiteach amháin ar an bhfadhb seo, is é sin go dtógfar scéim séarachais ceart as an nua do bhaile Chill Rónáin ar fad.

Caithfimid a thógáil san áireamh go dtagann suas agus anuas le 2,000 duine isteach go dtí an céibh i gCill Rónáin sa samhradh. Caitheann an chuid is mó de na daoine sin am i gCill Rónáin, baineann siad úsáid as na saoráidí ann, bíonn béilí ag go leor acu ann agus níl aon scéim séarachais ann. Beidh breis turasóirí i mbliana mar go bhfuil bád nua ag dul ag tosú as Gaillimh a bheas in ann 400 nó 500 paisinéir a iompar ach arís níl tada ag tarlú.

Tá mé tar éis an cheist a thógáil roinnt uaireanta le hUisce Éireann agus tá sé admhaithe aige go gcaithfidh sé rud éigin a dhéanamh faoin scéim bheag atá aige féin i láthair na huaire. Le barúil chomh dona agus atá cúrsaí, dúirt sé go bhfuil conraitheoir fostaithe aige anois le breathnú ar an percolation area mar a thugann sé air, le feabhas a chur air agus le fuíolluisce a stopadh ag luí ann. Sin rud nach mbeadh duine ag súil leis ar oileán de chloch aoil ach rud atá ag tarlú le fada. Sin chomh dona agus atá rudaí.

Caithfear an obair ghearrthéarmach a dhéanamh ach teastaíonn scéim nua ar fad a chlúdódh an baile ar fad agus gach séarachas príobháideach sa bhaile agus a ligfeadh don bhaile fás. Is mór an náire don oiread sin daoine de mhuintir na háite agus do dhaoine ag teacht isteach agus séarachas Chill Rónáin mar atá sé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.