Dáil debates

Wednesday, 12 May 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Harbours and Piers

9:50 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus níl mé cinnte an bhfuil an freagra ag an Aire i mBéarla nó i nGaeilge agus b’fhéidir go mbeimid in ann cóip de sin a fháil. Leanfaidh mé ar aghaidh i nGaeilge ar dtús ar aon nós. Baineann an ní Ábhar Tráthúil seo, mar a dúirt an gCathaoirleach Gníomhach, le Ros a Mhíl agus tá gá práinneach le soiléireacht ó thaobh buiséid de ionas go mbeimid in ann dul chun cinn na forbartha seo a fheiceáil.

Tá cúlra anseo agus níl a fhios agam an bhfuil na fíricí agus an cúlra aige. Tá tuarascáil anseo i mo lámh: Rossaveel Harbour Deep Water Quay Cost Benefit Analysis Final Report 23rd June 2017. Is anailís costais agus tairbhe í agus tá dáta Meitheamh 2017 uirthi. Ní raibh an tuarascáil sin le fáil go dtí gur chuir iarrthóir ó Shinn Féin ar an talamh brú damanta ar an gcóras chun é a fháil agus tá sé sin suntasach. Chomh maith leis sin chuir mise brú ar leibhéal eile agus beagnach bliain ó shin, arís i mí Mheitheamh, fuair mé cóip den tuarascáil, is é sin trí bliana tar éis an tuarascáil a bheith foilsithe. Fuair mé litir suntasach freisin. Bhí a lán eolais inti agus chuir sí in iúl dúinn go raibh an tuarascáil seo ann agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an tuarascáil mar tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá moltaí láidre ann maidir le tábhacht an togra seo agus chomh tábhachtach is atá sé don cheantar. Chomh maith leis sin chuir sí in iúl dúinn, tar éis na tuarascála seo, gur lean an Roinn ar aghaidh agus dúirt an Roinn go raibh tuilleadh taighde ag teastáil. Bhí innealtóirí agus athbhreithniú i gceist. Tá tuarascáil eile ann ó Aibreán 2019 agus níl cóip den tuarascáil sin agam. Ansin, dúradh liom ag an am sin, breis is bliain ó shin, go raibh obair ar an suíomh le tosú maidir le tuilleadh scagtha agus scrúdaithe, is é sin i míonna Lúnasa agus Mheán Fómhair 2019. Níl cóip de na tuarascálacha sin agam, ach an oiread. Ag an bpointe seo, níl a fhios agam an bhfuil an tAire chun an freagra a thabhairt dom i mBéarla nó i nGaeilge, so I will change to English now.

We have a report from 2017. I have a letter from 2020 which finally gives me a copy of the report and tells me there are other reviews. The report states the development of a deepwater quay in Ros an Mhíl is essential to the area. It points out that for 600 km between Na Cealla Beaga and Castletownbere there is no port with proper facilities and notes the importance of developing one in Ros an Mhíl. We have a report that is equally as strong in what it says about the need for development in Galway for socioeconomic reasons of the 20-year strategy for the Irish language. Údarás na Gaeltachta, it its submission on the port in Galway, made the point that this is essential and said it was very important to develop Ros an Mhíl.

Rather than doing it in this manner, I ask that the Minister meet Deputies locally and give urgent clarification on what the Department has in mind in relation to the development of Ros an Mhíl. I understand there is an existing permission that will run out so there is a necessity for clarity on the provision of the funds agus i ndeireadh na dála táimid ag caint faoi airgead suarach i ndáiríre. It is a small amount of money in the scheme of things and given the importance of the development for the region. I hope for clarity in both languages today. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.