Dáil debates
Thursday, 29 April 2021
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
11:55 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Roimh na ceisteanna, déanaim comhghairdeas leis an Aire Dlí agus Cirt, Teachta McEntee, agus lena fear céile, Paul. Mar is eol dúinn, rugadh mac di cúpla uair ó shin. Ar mo shon féin agus ar son na Dála, déanaim comhghairdeas leo. Go mairfidh siad a nuaíocht agus a saol nua, mar is saol nua atá i gceist. Is lá stairiúil é mar níor tharla sé cheana gur rugadh leanbh d'Aire agus í i mbun oifige. Guím gach rath ar an Aire agus ar a clann. Rachaimid ar aghaidh anois leis na ceisteanna.
No comments