Dáil debates

Wednesday, 28 April 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

8:30 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tionóladh cruinniú earnáil teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag deireadh mí na Samhna 2020.  Ar an drochuair, cuireadh an cruinniú a bhí beartaithe ag deireadh mhí an Mhárta ar athló.  Táthar ag súil go ndéanfar an chruinniú seo a thionóil gan mhoill, ach níl aon dáta socraithe go fóill. Idir an dá linn, tá mé féin agus mo Roinn ag comhoibriú leis an Roinn Pobal sa Tuaisceart, leis an gComhrúnaíocht Thuaidh-Theas in Ard Mhacha agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le gach gné den obair a bhaineann leis an gComhoibriú Thuaidh-Theas, go hairithe i réimse an Fhorais Teanga.

Tuigim tábhacht cruinnithe na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.  Ceadaíonn an chomhairle buiséid an Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge san áireamh. Gan cruinniú den chomhairle, ní féidir aon mhéadú nó athrú a dhéanamh ar bhunmhaoiniú an fhorais. Beag beann air sin, tá Foras na Gaeilge agus a chuid ceanneagraíochtaí agus grúpaí nó eagraíochtaí ar fud an oileáin ag obair go dian chun tacú le pobal na Gaeilge.  Cé nach raibh mórán deiseanna ann chun bualadh le chéile go fisiciúil le bliain anuas, tháinig méadú suntasach ar an méid deiseanna atá ar fáil ar líne agus ar na meáin shóisialta.  Thacaigh Foras na Gaeilge le roinnt imeachtaí ar líne trína gcuid ceanneagraíochtaí, mar shampla, seoltaí leabhar agus ceoil; seimineáir ar cheisteanna oideachais agus go leor ábhair eile; imeachtaí teaghlaigh ar nós biongó agus tráthanna na gceist; ceardlanna agus imeachtaí óige ar nós léitheoireacht, amhránaíocht agus comórtais ceoil agus scríbhneoireachta; agus ceolchoirmeacha agus drámaí ar line.

Tá réimse tacaíochtaí agus maoiniú breise á gcur ar fáil ag an Rialtas ó Dheas chomh maith faoin gcomhaontú New Decade, New Approach.  Is léiriú ar thiomántas an Rialtais d'fhorbairt agus do chur chun cinn na teanga ar bhonn uile-oileáin atá anseo. Cuirfear €4.2 milliún ar fáil thar tréimhse trí bliana ar mhaithe leis an nGaeilge a fhorbairt i measc an phobail sa Tuaisceart.

Maidir leis an Acht teanga ó Thuaidh, tá Rialtas na hÉireann tiomanta don reachtaíocht tábhachtach seo a bheith tugtha chun cinn.  Tá ceist na reachtaíochta seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha, leis na húdaráis ó Thuaidh agus leanfar á dhéanamh sin go dtí go bhfeicfear toradh ar ár gcuid iarrachtaí.  Tá lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart, dár ndóigh, ag éileamh le fada an lá go mbeidh Acht teanga acu. Mar Aire Stáit, ba mhaith liom gach rud is féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú le comhlíonadh an ghealltanais sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.