Dáil debates
Wednesday, 28 April 2021
Ceisteanna (Atógáil) - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Coláistí Samhraidh
7:40 pm
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, scaipeadh dréacht-treoirlínte maidir le Covid-19 ar earnáil na gcoláistí Gaeilge ag tús na seachtaine seo caite. Is ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe. Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréachtcháipéis bheo í dá réir.
Bhí sraith chruinnithe agam féin agus ag feidhmeannaigh na Roinne le seachtain anuas le hionadaíocht ó na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí agus le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, tar éis na deise a bhí tugtha do gach éinne na dréacht-treoirlínte a mheas. Anuas ar an gcomhairliúchán seo, chas mé le toscaireacht ó choistí na hallaí pobail i gConamara níos túisce i mbliana chun a gcuid riachtanais a phlé. Ina theannta sin, tugadh deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí faoi na treoirlínte réamhluaite a roinnt i scríbhinn leis an Roinn le seachtain anuas.
Is é an cuspóir atá leis an mbeart comhairliúcháin seo trí chéile ná a chur ar shúile gach éinne a bhfuil baint acu leis an earnáil cad iad na himpleachtaí a bheadh ann dóibh ó thaobh Covid-19 i gcás go bhféadfaí dul ar aghaidh le cúrsaí ar an gcéad dul síos agus deis éisteachta agus plé a bheith ag an Roinn le páirtithe leasmhara faoin ábhar. Is é an sprioc atá leis na treoirlínte agus leis an bplé seo ar fad ná féachaint an féidir cúrsaí a reáchtáil go sábháilte an samhradh seo. Agus an comhairliúchán críochnaithe anois, déanfar cinneadh maidir le cúrsaí 2021 go gairid. Tá mé thar a bheith buíoch díobh siúd ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán seo le seachtain anuas. Bhí sé tábhachtach dom go mbeadh deis acu a gcuid tuairimí a léiriú agus a phlé liom. Níl aon cheist ach gurb í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí i gcónaí dúinn ar fad agus bhí sé sin le sonrú sa phlé ar fad.
No comments