Dáil debates

Wednesday, 24 March 2021

Ceathrú Chultúir 1916 Bill 2021: Second Stage [Private Members]

 

12:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht am a roinnt liom. Ceann de na hoidhreachtaí is mó a tháinig as 1916 ná áit na Gaeilge sa tsochaí agus is ceart é sin a chaomhnú nuair atáimid ag caint ar rudaí a chaomhnú. Bhí baint nach beag agam leis an MSAG, an coiste comhairleach a chuir an tAire ar bun. Bhí ar an gcéad choiste agus ar an dara coiste agus, go deimhin féin, bhí mé ann nuair a bunaíodh an coiste sin. Creidim go mba é an coiste an bealach is fearr chun dul ar aghaidh agus chun glacadh le moltaí an choiste agus iad a chur i bhfeidhm. D'fhoilsigh an coiste dhá thuarascáil, Uimh. 1 agus 2, agus bhí comhaontú iomlán ar an gcoiste don dá thuarascáil sin agus tuigtear dom go bhfuil an tríú tuarascáil a bheith réitithe go luath. Ba cheart go mbeadh sé sin mar bhunchloch don ród seo romhainn agus don bhealach a rachaimis ar aghaidh leis an togra fíorthábhachtach seo. Tá sé thar am againn bogadh ar aghaidh chun cinneadh a dhéanamh agus athchóiriú iomlán a dhéanamh ar Shráid an Mhúraigh, ag coinneáil ar ár n-intinn i gcónaí an dream atá ag maireachtáil thart sa cheantar agus go mór mór iad siúd atá ag trádáil ar an tsráid le fada an lá.

Is mar sin, is fiú an Bille seo a scrúdú. Níl aon amhras faoi sin ach é a dhéanamh i gcónaí i gcomhthéacs na dtuarascálacha a chuir an MSAG i dtoll a chéile mar tá ionadaíocht leathan ar an gcoiste sin agus má thagann siadsan ar aghaidh le moltaí bheinn ag moladh don Aire glacadh leis na moltaí sin. Bhí ionchur ollmhór ón Stát i gceist leis sin agus táim ag tnúth leis an lá go dtiocfaidh mé go dtí Sráid an Mhúraigh agus go mbeidh fís ollmhór curtha i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.