Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

1:50 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is údar áthais dom a bheith ag caint inniu le linn Sheachtain na Gaeilge, an ócáid a eagraítear go bliantúil ag an tráth seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo bhisiúil na hÉireann. Is ócáid í Seachtain na Gaeilge a thugann an deis dúinn ar fad solas a scalladh ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar chuid lárnach agus luachmhar de chultúr saibhir agus uathúil na hÉireann. Tugann Seachtain na Gaeilge an deis freisin le solas a scalladh ar an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe ag an iliomad páirtithe leasmhara trasna an státchórais, trasna na tíre agus trasna na Gaeltachta ar son na Gaeilge agus ar leas phobal labhartha na Gaeilge agus go deimhin ar leas dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith.

Mar is eol do na Baill, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is straitéis trasrialtais í, a bhfuil tacaíocht tras-pháirtí aici. Ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na straitéise, ag úsáid cur chuige cuntasach agus trédhearcach, foilsíodh plean gníomhaíochta don Ghaeilge i mí an Mheithimh 2018, tar éis é a bheith beannaithe ag an Rialtas ag an tráth sin. Sa phlean sin leagtar amach breis agus 180 beart a chuirfidh tuairim is 60 páirtí leasmhar i bhfeidhm thar shaolré cúig bliana an phlean, ar mhaithe le forfheidhmiú na straitéise, agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Rialtas an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn, a chumhdaigh an tréimhse ó shamhradh 2018 go dtí Meitheamh 2019. Cé gur tuairiscíodh moill áirithe le feidhmiú bearta áirithe, is údar mór áthais agus misnigh an dul chun cinn suntasach atá déanta agus idir lámha maidir le móramh mór na mbeart a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta.

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bplean, faoi stiúir an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers. Tá i gceist againn an dara tuairisc bhliantúil maidir lena chur i bhfeidhm a fhoilsiú go luath - tar éis a bheith leagtha faoi bhráid an Rialtais - agus tá obair ullmhúcháin ar bun maidir leis seo ar fad faoi láthair. Ach an oiread, le gach réimse eile den saol, níl aon amhras ach go mbeidh sé le sonrú sa tuairisc sin nuair a fhoilseofar í gan rómhoill, an tionchar suntasach a bhí ag an bpaindéim go dtí seo ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tríd an raon leathan tacaíochtaí agus bearta atá á gcur i bhfeidhm i rith an ama faoi scáth an Rialtais, tá tréaniarracht idir lámha chun na deacrachtaí sin a mhaolú a oiread agus is féidir. Ná déanaimis dearmad ach an oiread, gur thosaigh feidhmiú an phlean gníomhaíochta, agus an obair a leagtar amach sa phlean roimh an bpaindéim agus ainneoin gur cuireadh as don obair fhónta atá ar bun agus beartaithe níor cuireadh stop leis an obair sin trí chéile. Ar nós gach earnáil agus réimse eile, d’aithin agus d’aimsigh eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá bainteach lena fheidhmiú bealaí nua, seiftiúla chun a gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil don phobal, fad a gcumais, sna tosca reatha. Tá siad le tréaslú as sin.

Tá tionchar gan amhras á imirt ag Covid-19 ar gach cuid de gheilleagar na hÉireann, na ceantair Ghaeltachta san áireamh ar ndóigh. Tuairiscítear go raibh 7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2020. In ainneoin thionchar na paindéime, cruthaíodh 427 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta i rith na bliana. Nuair a thógtar laghduithe poist san áireamh, feictear glanlaghdú de 6% san fhostaíocht ina iomláine. Is in earnáil na turasóireachta agus earnálacha gaolmhara a léiríodh formhór na laghduithe sin.

Díol suntais agus dóchais é go bhfuil sé le sonrú sna torthaí sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun teacht i gcabhair ar a gcuid cliantchomhlachtaí, ag úsáid na gcistí éagsúla stáit, chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha. Cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Ghaeltacht mar chuid den phacáiste spreagtha post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil €8 milliún bhreise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.

Mar chuid de cháinaisnéis 2021 tá cistíocht bhreise ar fiú beagnach €4.5 mhilliún ceadaithe don údarás sa bhliain reatha faoin gciste caipitil rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de bheagnach €14.5 mhilliún ar fáil don údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta. Ina theannta sin, fógraíodh go raibh ardú de bheagnach €3 mhilliún ag teacht ar bhuiséad reatha na heagraíochta chun tacú le cúrsaí pá agus pinsin. Is ionann é seo agus buiséad ar fiú beagnach €13 mhilliún a bheith ag an eagraíocht sa bhliain reatha dó seo.

Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha i dtreo buiséad maoinithe na gcomharchumann agus coistí forbartha pobail Gaeltachta atá faoin stiúir mar fhoras Stáit, rud a chiallaíonn go bhfuil buiséad iomlán de €4.75 mhilliún dó seo sa bhliain reatha.

Tá an t-údarás ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliantcomhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát chun brúphointí airgeadais a mhaolú. Bíonn sé ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith, le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta an fhorais Stáit sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar líne, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas. Is féidir le gnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an deontas atosaithe faoina bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas trí na húdaráis áitiúla. Cuidíonn an tacaíocht deontais go díreach do ghnólachtaí beaga leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú tar éis a bheith dúnta de bharr Covid-19. Is ionann é seo ar fad agus an Rialtas a bheith ag déanamh beart de réir briathair ó thaobh fheidhmiú an ghealltanais atá sa chlár Rialtais go dtacófar le hÚdarás na Gaeltachta fostaíocht agus fiontraíocht a chothú sna ceantair Ghaeltachta.

I measc na ngealltanas eile atá sa chlár Rialtais a bhaineann go sonrach le hÚdarás na Gaeltachta, luaitear go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Tá obair idir lámha faoi stiúir an Aire, an Teachta Catherine Martin agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers, maidir le feidhmiú an ghealltanais sin agus tús a chur le bearta ábhartha ina leith gan mhoill. Maidir le cúrsaí airgeadais trí chéile mar a bhaineann sé le réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta, is fiú a lua gur cheadaigh an Rialtas €14.8 milliún breise sa cháinaisnéis d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain reatha. Fágann sé seo go bhfuil maoiniú iomlán d'os cionn €78 milliún ar fáil anois don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana. Leis an gcistíocht bhreise seo, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chomh maith le Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair fhiúntach ar bun acu ar son na teanga.

Tá sárobair ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó Dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach. Tá maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas ó Dheas i mbliana d’Fhoras na Gaeilge chun é a chur ar chumas na heagraíochta an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an oileáin. Déanfar roinnt mhaith den obair díreach tríd an bhforas ach, anuas air sin, tá ceanneagraíochtaí an fhorais, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael ag déanamh obair na gcapall ar son na teanga.

B'iontach an rud é don dá rialtas agus na páirtithe polaitiúla sa tuaisceart, teacht ar an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh. Leagann sé amach ár dtosaíochtaí maidir le sláinte, oideachas, bonneagar, leasa an phobail, teanga agus cultúr, agus é mar aidhm teacht i dtír ar na ceisteanna is tábhachtaí do phobal an Tuaiscirt. Tá an phaindéim tar éis mórán dár gcuid ama a thógáil. I mí Eanáir, áfach, reáchtáladh an chéad chruinniú maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe. Cruinniú fíorúil a bhí ann, agus bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Státrúnaí, an Chéad Aire, an leas-Chéad Aire, agus ceannairí páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i láthair ag an gcruinniú. Gheall na páirtithe go léir a dtiomantas leanúnach maidir le cur i bhfeidhm Ré Nua, Cur Chuige Nua. Maidir le teanga agus cultúr, tá soláthar sa chomhaontú maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais do na cultúir agus traidisiúin éagsúla sa Tuaisceart.

Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a chur tríd an bhFeidhmeannas sa tréimhse romhainn. Tá an Rialtas dírithe ar chur i bhfeidhm na dtiomantas a rinneamar maidir le tionscadail a rachaidh chun leasa an phobail ar fud an oileáin, tríd nasc níos láidre a chruthú idir an Tuaisceart agus an Deisceart, trí infheistíocht san iarthuaisceart agus sa phobal timpeall na Teorann agus trí thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart ar mhaithe le tacú leis an athmhuintearas.

Mar is eol do chách, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta, 2012, tá próiseas pleanála teanga ar bun faoi láthair sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge faoi láthair. Tá an próiseas seo ag teacht faoi bhláth anois. Cuireadh soláthar breise de €1.3 mhilliún ar fáil don phróiseas i mbuiséad 2021, rud a fhágann go mbeidh €5 mhilliún in iomlán ar fáil don phróiseas i mbliana. As an 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta, tá pleananna do scór acu faofa anois agus tá 22 oifigeach pleanála teanga agus oifigigh chúnta pleanála teanga ceaptha agus ag obair sa phobal. Anuas air sin, tá an chéad oifigeach pleanála teanga a bheidh ag cur plean teanga i bhfeidhm i mbaile seirbhíse Gaeltachta ceaptha do Leitir Ceanainn le déanaí.

Ceadaíodh plean teanga i leith na trí líonra Gaeilge, Inis, Cluain Dolcáin agus Baile Locha Riach, anuraidh. Tá sé mar chuspóir anois na sé phlean deiridh i leith na limistéir phleanála teanga a cheadú faoi dheireadh na bliana seo. Beidh Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú leis na ceanneagraíochtaí agus iad ag cur i bhfeidhm na bpleananna seo agus ag tacú leis an bpleanáil teanga trí chéile.

Ós rud é go bhfuil cuspóirí comónta idir an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-22, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais chun tacú le feidhmiú an pholasaí sin. Díol suntais agus dóchais is ea é go bhfuil beagnach gach ceann den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht páirteach sa pholasaí. Chuige sin, tá Roinn an Aire, an Teachta Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers, ag cur airgid shuntasaigh isteach i scéim na gcúntóirí teanga agus i gclár na gcluichí Gaelacha chun a chumasú do gach scoil atá páirteach sa scéim tacaíochtaí breise a chur ar fáil dá gcuid daltaí.

Tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh muid ag tabhairt aghaidh ar seo ar bhealach córasach, céimiúil le taighde taobh thiar de. Is é príomhchuspóir Bhille na dTeangacha Oifigiúla, atá ag Céim an Choiste faoi láthair, ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú, d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar leis an mBille go mbeidh 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.

Tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste seo sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Ullmhóidh an coiste comhairleach plean náisiúnta chun seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge agus tabharfaidh sé comhairle do chomhlachtaí poiblí faoin gcaoi ina bhféadfar seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

Beidh an plean i bhfeidhm ar feadh sé bliana agus cuirfear an tAire, an Coimisinéir Teanga agus an Rialtas ar an eolas go rialta faoina dhul chun cinn i bhfoirm tuarascálacha. Beidh leibhéal trédhearcachta nua ar fáil dá bharr seo i dtaca le foireann ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge a earcú chuig an tseirbhís phoiblí.

Ní mór a lua, mar sin, go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aghaidh agus spriocdhátaí ar sheirbhísí Stáit agus earcaíochta tríd an mBille seo. Má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart, glacfaidh sé am. Caithfear é a dhéanamh ar bhonn pleanáilte agus tá an tionscnamh atá leagtha amach sa Bhille nua ag croílár na pleanála teanga dá bharr. Don chéad uair riamh, beidh an Roinn atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcú daoine le Gaeilge don státchóras. Is deis í seo don Rialtas na struchtúir chuí a bhunú le dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar bhonn córasach anois, agus tá i gceist againn greim a fháil ar an deis sin agus í a úsáid.

Ba mhaith liom díriú anois ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Agus muid ag ceiliúradh an teanga, tá sé iontach go bhfuil muid in ann deiseanna fostaíochta d’ardchaighdeán a chruthú i gcroílár na hEorpa. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú ar a húsáid iontu. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm.

Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglún atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh ríthábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú in 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit a mbeidh fostaíocht d'ardchaighdeán ar fáil dóibh. Tá an sprioc sin beagnach linn anois, agus is cúis áthais dom go raibh 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha ag tús na bliana seo.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Dá dheacra agus dá dhúshlánaí an ré ina bhfuilimid ar fad ag maireachtáil faoi láthair, tá dóchas os ár gcomhair amach ag bun na spéire. Déantar rianú ar an gcosán chun tosaigh sa phlean nua maidir le Covid-19 a foilsíodh an tseachtain seo caite. De bharr na hoibre atá ar bun faoi láthair ó cheann ceann na tíre maidir le dáileadh na vacsaíne, beidh sí faighte ag níos mó agus níos mó daoine de réir mar a théann rudaí ar aghaidh - pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta san áireamh, dar ndóigh. De thoradh air sin, agus ar gach rud eile atá ar bun againn mar phobal, ní fada uainn laethanta níos fearr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.