Dáil debates

Wednesday, 14 October 2020

Financial Resolutions 2020 - Financial Resolution No. 7: General (Resumed)

 

6:40 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Le seachtain anuas, thug an Rialtas seo faoi dhá mhórghníomh ar mhaithe leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn: an chéad tuairisc ar dhul chun cinn phlean ghníomhaíochta 2018-22 don Ghaeilge a fhoilsiú, agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a thabhairt tríd na Dála ar an Dara Céim. Inné, fógraíodh mórghníomh eile don teanga nuair a leagadh amach sa cháinaisnéis go bhfuil méadú de 23% le teacht ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta sa bhliain 2021. Léiríonn na forbairtí seo go léir go bhfuil an Rialtas seo tiomanta i leith na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Leis an maoiniú breise seo de €14.8 milliún, beidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta in ann níos mó airgid a leithdháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair den scoth ar bun acu ar son na teanga.

Críochnóidh mé le cupla focal faoi chúrsaí spóirt, má tá an Teach sásta deis a thabhairt dom. I am delighted to announce the provision of €170.4 million for sports and recreational services, including an extra €36 million in current and capital funding for Sport Ireland. Within this, the 2020 provision will allow for a new round of the sports capital programme to open for applications shortly, with allocations to be made next year. Current funding for Sport Ireland programmes has been increased by €26.25 million, which will enable the organisation to continue to ensure that athletes are supported to achieve their full potential, despite the postponed Tokyo Olympics and Paralympic Games, to increase core grant funding for Sport Ireland sporting bodies, to sustain them through the challenging months to come and to fund Sport Ireland participation programmes. The capital funding will facilitate a number of developments in the National Sports Campus, including at the National Aquatic Centre.

This is a very considerable investment in sport and builds on the extensive support package provided to address the Covid challenges to national governing bodies and clubs in 2020. I know clubs across the country will be looking forward to a new sports capital programme, which will open in the near future. The increase in the dormant accounts funding will promote and sustain participation in sport and physical activity, particularly in hard to reach communities.

Tá pobail spóirt agus Ghaeltachta i measc na n-earnálacha is mó buailte ag Covid-19. Táim muiníneach go gcuirfidh na bearta agus na tionscnaimh ar fógraíodh iad inné ar chumas na n-earnálacha seo teacht ar ais chucu féin ó thionchar na paindéime chomh sciobtha agus is féidir agus go gcuirfear ar ár gcumas fás agus forbairt a dhéanamh in 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.