Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

3:45 pm

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim ag iarraidh eitilt ar leath-sciathán anois. Tá rud beag náire orm nach bhfuil mo chaighdeán chomh maith agus ba chóir dó a bheith. Ní chleachtaim minic go leor ach bainfimid triail as.

Táimid ag caint ar an mBille seo agus ba chóir go mbeidh cabhair agus tacaíocht ag achan duine chun go mbeidh siad in ann a ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Caithfimid feabhas a chur ar chúpla rud. Tá timelines de dhíth mar gheall ar an sprioc de 20%. Caithfimid plean a bheith againn chun na timelines sin a bhaint amach. Caithfimid cloí leo toisc go gcaithfimid cabhair agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine.

Chomh maith leis sin, bhí cuid mhór dúinn ag caint le Conradh na Gaeilge. Tá tacaíocht airgeadais de dhíth fá choinne na teanga. Tá airgead ag teastáil ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ó Raidió Rí-Rá agus ó TG4. Caithfimid an t-airgead sin a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, bhí daoine ag caint faoi na coláistí samhraidh, go háirithe sna Gaeltachtaí. Tá cuid mhór chabhrach agus tacaíochta ag teastáil ó na teaghlaigh uilig a chuireann a tithe ar fáil - na mná tí agus a leithéidí. Tá cabhair agus tacaíocht uathu. Tá tacaíocht de dhíth freisin fá choinne na coláistí. Caithfimid é a chur ar fáil.

Caithfimid polasaí níos fearr a bheith againn mar gheall ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Táim ag caint faoi thacaíocht i leith naíonraí chomh maith le bunscoileanna, meánscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal. Caithfidh a leithéid de pholasaí a bheith againn. Tá fadhb againn i nDún Dealgan le Coláiste Lú. Tá cuid mhór tuismitheoirí ag déanamh obair an-mhaith chun an déileáil leis an bhfadhb seo ach tá ar an Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht a thabhairt.

Táimid ag tacú leis an mBille seo ach caithfidh achan rud a tharla chomh gasta agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.