Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

3:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú) | Oireachtas source

Tá meas agam ar an Aire agus a comhghleacaithe. Tá a fhios agam go bhfuil siad dáiríre faoina gcuid polaitíocht. Tá seans ollmhór acu anois difear ollmhór a dhéanamh ar ábhar atá iontach tábhachtach don tír seo. Tá mé ag smaoineamh ar an teach a bhí ag an Rathailleach, a leagadh cúpla seachtain ó shin. Cosúil leis an nGaeilge, bhí an teach ina sheasamh. Tá an Ghaeilge fós ag seasamh sa tír seo. Leagadh an teach sin. Mar a deireann an fógra a bhíonn ar an teilifís, nuair atá sé leagtha tá sé imithe. I gcás na Gaeilge, nuair a bheidh sí imithe mar theanga phobail sa Ghaeltacht, beidh sí imithe i ndáiríre. Tá sé go hiontach ar fad go bhfuil nascanna fós ann timpeall na tíre mar gheall ar an nGaeilge - labhraíonn daoine ar fud na tíre an Ghaeilge lá i ndiaidh lae - ach is é bun agus barr an scéil ná nach mbeidh todhchaí dhomhain shaibhir ag an teanga as seo amach muna bhfuil sí mar theanga labhartha phobail sa Ghaeltacht.

Tá an Ghaeilge tábhachtach agus luachmhar do mhuintir na hÉireann toisc gur chuid bhunúsach dínn í. Ceanglaíonn sí lenár dtimpeallacht muid. Is stór saibhir litríochta, ealaíne, amhránaíochta, startha, miotaseolaíocha agus seanchais í. Struchtúr smaointe atá sa teanga, i ndáiríre, freisin. Ag an tráth seo, nuair a chailltear éagsúlacht teanga ar bhonn bliantúil, is uathúil an teanga í. Tuigim go mbíonn na Glasaigh ag díriú isteach ar bhithéagsúlacht ar fud na cruinne, ach meabhraím dóibh go bhfuil teangacha ag fáil bháis lá i ndiaidh lae ar fud an domhain freisin. Is saghas stór iontach de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge. Tá an teanga cosúil le doras - nuair a osclaítear é, bíonn an seomra lán de rudaí iontacha cultúrtha. Is féidir le daoine le Gaeilge an doras sin a oscailt. Tá an Ghaeilge uafásach tábhachtach mar theanga theaghlaigh, mar theanga ghnó, mar theanga chairdis agus mar theanga oideachais. Is fíortheanga í an Ghaeilge.

Is am cinniúnach é an t-am seo, i ndáiríre. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ráite le fada an lá. Tá an Ghaeilge á labhairt sa tír seo le beagnach 2,000 bliain. Tá seans díreach ann gur muidne an ghlúin dheireanach ina mbeidh an Ghaeilge againn mar theanga phobail. Nuair a dhéantar comparáid idir líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge i measc na teaghlaigh ar fud na tíre agus líon na bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna sna Gaeltachtaí, is léir go bhfuil go bhfuil an cóimheas sin an-íseal anois, go háirithe i gcomparáid leis na blianta roimhe seo.

Caithfimid rudaí láidre agus cróga a dhéanamh chun an Ghaeilge a shábháil agus a fhás sa Ghaeltacht. Tá mé láncinnte gur féidir linn é sin a dhéanamh, agus go dtiocfaidh borradh ar an nGaeilge má táimid dáiríre faoi. Caithfimid bheith dáiríre faoin teanga. Muna bhfuilimid dáiríre, déanfaimid an praiseach chéanna is a rinne an Rialtas deireanach agus na Rialtais roimhe sin le fada an lá. Níor thug go leor Rialtais níos mó ná lip service don Ghaeilge. Is é sin an fáth go bhfuil rudaí imithe chun donais. Má táimid ag iarraidh fianaise a fheiceáil sa chomhthéacs sin, is féidir linn breathnú isteach ar an mhéid airgid atá curtha ar fáil don Roinn thar na blianta. Ceapaim gurb é Roinn na Gaeltachta an t-aon Roinn sa Rialtas nach bhfuil tar éis an leibhéal a bhí acu in 2009 nó 2010 a bhaint amach arís. Is dóigh liom go raibh titim níos mó i Roinn na Gaeltachta ná aon Roinn ar bith eile. Mar is eol dúinn, tá sé mar dhualgas ar Údarás na Gaeltachta mar eagraíocht fiontraíocht a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tháinig titim uafásach ar an mhéid airgid a fhaigheann an tÚdarás. Níl maoiniú an Údaráis ar ais go dtí leibhéal 2009 nó 2010 go fóill.

Tá gá ann cúpla rud a dhéanamh chun an Ghaeilge a neartú sa tír seo. Is dóigh liom go bhfuil cúig rudaí thábhachtacha i gceist. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don Rialtas cabhair a thabhairt do theaghlaigh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Is í sin an tslí is furasta chun an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile. Níl aon slí níos éasca ná an bealach a réiteach do theaghlaigh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Ar an dara dul síos, tá rochtain Ghaelscolaíochta uafásach tábhachtach freisin. Bliain i ndiaidh bliana, léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil 25% de dhaoine na tíre seo ag iarraidh go rachaidh a gcuid páistí isteach sna Gaelscoileanna. Cén céatadán de pháistí na tíre seo a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna, áfach? Ní fhreastalaíonn ach 5% de pháistí ar Ghaelscoileanna - is í sin an mhéid - cé go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag iarraidh Gaelscolaíocht dá bpáistí. Deirtear uaireanta ar na meáin chumarsáide go bhfuil an Rialtas ag brú na Gaeilge síos scornacha na ndaoine, ach caithfear a rá go bhfuil a mhalairt fíor. Tá tuismitheoirí agus páistí ag iarraidh freastal ar Ghaelscoileanna. Tá daoine ag iarraidh seirbhísí ón Stát trí mheán na Gaeilge, ach níl na seirbhísí sin le fáil.

Ar an tríú dul síos, ba cheart go mbeadh daoine in ann dul i dteagmháil leis an Stát ina theanga féin. Tá an Rialtas seo ag rá le páistí go gcaithfidh siad an Ghaeilge a fhoghlaim le haghaidh dosaen bhliain nuair atá siad óg. Ag an am céanna, tá lucht an Rialtais ag rá leo gan bheith ag teacht isteach agus bagairt a chur orthu mar gheall ar an nGaeilge - gan bheith ag labhairt leo mar gheall ar an nGaeilge - nuair atá a gcuid scolaíochta críochnaithe acu. Caithfidh mé a rá gur dhein mé iarracht ar feadh cúig nó sé bliana an Ghaeilge a roghnú mar theanga seirbhíse nuair a bhí mé i dteagmháil leis an Stát. Nuair a bhíodh mé i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Sláinte nó aon Roinn nó rannóg Stáit eile, bhrúfainn an cnaipe le haghaidh na seirbhíse Gaeilge ach ní bheadh éinne ar fáil. Saghas doras draíochta atá i gceist, i ndáiríre. Is féidir linn brú ar an doras, cé go bhfuil an seomra folamh, agus tá seans ann go dtiocfaidh duine éigin ar ais i gceann trí lá. Má thagann an glaoch ar an tríú lá agus má iarrtar orainn céard atá á lorg againn, is féidir linn a rá go bhfuilimid ag iarraidh seirbhís X, seirbhís Y nó seirbhís Z ach go hiondúil deirtear linn ag an bpointe sin go gcaithfimid fanacht dhá nó trí lá eile, agus b'fhéidir go mbeifear in ann seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar ag an bpointe sin. Nuair a tharlaíonn sé sin arís is arís eile, stopann daoine ag roghnú an rogha Gaeilge. Muna bhfuil an Stát sásta é seo a dhéanamh go huileghabhálach, ní úsáidfidh daoine an tseirbhís teoranta seo.

Is í an tslí is éasca chun an fadhb seo a réiteach ná daoine le Gaeilge a earcú ionas go mbeidís in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá muidne ag troid le haghaidh deich mbliana, b'fhéidir, agus muid ag iarraidh ar an Rialtas córas earcaíochta den chineál seo a chur ar bun. Nuair a earcaítear comhréir le Gaeilge, níl aon chostas sa bhreis ag baint leis an tseirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Gabhaim buíochas le Dia go bhfuil a leithéid d'fhoráil sa Bhille seo i ndeireadh thiar thall. Cé go molaim an seasamh níos tréine atá tógtha ag an Aire agus a comhghleacaithe chun é sin a chur sa reachtaíocht seo, caithfidh mé a rá go bhfuil get-out clause fós ann. Beidh cibé Aire a bheidh ann i gceann ocht mbliana in ann a rá nach bhfuil an Stát réidh chun an chéim seo a thógáil. Ar an mbonn sin, beidh Aire na linne sin in ann teacht siar ón ngeallúint sin go mbeidh an chomhréir bainte amach. I mo thuairim, beag beann ar pé Aire a bheidh ann sa bhliain 2028, ní bheidh sé nó sí an duine is fearr chun an cinneadh a dhéanamh. Ba cheart go mbeidh daoine eile atá bainteach leis an earnáil seo ar fáil leis an ról sin a chomhlíonadh.

Ar an gceathrú dul síos, ba cheart dúinn béim a chur ar fhostaíocht sa Ghaeltacht. Muna bhfuil daoine in ann obair a fháil sa Ghaeltacht, imeoidh siad. Is é sin scéal na Gaeltachta le fada an lá. Caithfidh go mbeidh sé ar chumas muintir na Gaeltachta obair mhaith a fháil sa Ghaeltacht, ach ní mar sin atá sé i go leor Gaeltachtaí ag an bomaite.

Ar an gcúigiú dul síos, is rud simplí é stádas na Gaeilge. Mar Dháil agus mar Stát, caithfimid tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Ní chosnaíonn sé mórán airgid, i ndáiríre. Nuair a fhoghlaimíonn daoine sa bhaile gur úsáideadh Google Translate chun Gaeilge a chur faoi bhráid na ndaoine i gcomhthéacs físeán ón Rialtas nó tvuít ón Aire, tuigeann siad nach bhfuil meas ar an nGaeilge nó stádas ag an nGaeilge. Tuigeann siad gur rud imeallach atá sa teanga, i ndáiríre. Caithfidh mé a rá go bhfuil titim ag teacht ar stádas na Gaeilge anseo i dTeach Laighean agus ar fud an Stáit. Nuair a labhair mé le déanaí le daoine a bhí ag iarraidh teacht os comhair an Chomhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, dúirt siad liom nár fhéidir leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an gCathaoirleach nua ar an gcoiste sin os rud é nach bhfuil Gaeilge aici. Is sampla eile é sin den easpa measa atá i gceist anseo.

Tuigim go bhfuil an t-am ag sleamhnú uaim, ach ba mhaith liom rud nó dhó eile a rá. Cathain a bheidh seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta i nGaeilge? An bhfuil spriocdháta daingean ag an Rialtas mar gheall ar an tseirbhís sin? Cathain a bheidh duine sa Ghaeltacht atá ag déanamh iarracht a chlann a thógáil trí Ghaeilge cinnte go bhfuil sé nó sí in ann gach seirbhís a bhaineann leis an Stát a fháil i nGaeilge? Sa Bhreatain Bheag, téann gach Bille os comhair coimisinéir teanga na tíre sin sula théann sé trí Chomhthionól na Breataine Bige. Ba cheart go mbeadh a leithéid d'fhoráil sa reachtaíocht seo. Dá mbeadh an Coimisinéir Teanga in ann féachaint ar na fadhbanna reachtaíochta roimh ré, ní tharlódh na deacrachtaí seo i dtús báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.