Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:25 pm

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire. Tá a fhios agam go dtagann sí as Carraig Mhachaire Rois i gContae Mhuineacháin. Dúirt mo sheanmháthair liom go raibh Gaeltacht nó breac-Ghaeltacht i nDomhnach Maighean sa chontae sin nuair a bhí sí ina cailín óg. Tá súil agam go bhfuil cúis na teanga go smior i ndearcadh an Aire.

Do bhuaileas an tseachtain seo caite le Breanndán Ó Beaglaoich ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne agus bhíomar ag plé cúrsaí teanga. Aontaím leis gur chóir go mbeadh pobal na Gaeltachta in ann cónaí lena gcomharsain sa Ghaeltacht. Tá polasaithe an Stáit dírithe ar dhaoine a bhrú isteach sna cathracha, nó sna bailte is cóngaraí dóibh ar nós An Daingean, cé go dtéann sé seo glan in aghaidh traidisiún agus meon pobal na tuaithe. Má táthar chun pobal sláintiúil a choimeád faoin tuath, caithfear tacaíocht a thabhairt dóibh agus is é an ceart is bunúsaí ar fad ná an ceart atá ag gach duine maireachtaint ina cheantar dúchais. Mar atá ráite ag Breanndán Ó Beaglaoich, muna gcuirtear ina cheart an córas atá ann faoi láthair, beidh ár mhuintir a chuaigh romhainn, a d'fhág ár mbailte beaga againn mar oidhreacht, maslaithe againn agus ní mhaithfidh na glúnta atá le teacht é go deo. Ba chóir aitheantas faoi leith a thabhairt don gcainteoir dúchais atá ag iarraidh maireachtaint ina cheantar féin. Ba chóir go mbeadh Gaelainn líofa ag na pleanálaithe a bhíonn ag plé le muintir na Gaeltachta.

Is sórt saoránach den dara grád é an teanga. Nuair a bhím ag tiomáint ar ais go dtí Contae Chiarraí, feicim an leagan Gaeilge scríofa níos lú ar comharthaí bóithre, cleachtas a bhriseann na rialacha a deir gur chóir an leagan Gaeilge a úsáid nuair atá na logainmneacha cosúil lena chéile i mBéarla agus i nGaeilge, áiteanna cosúil le Úlla i gContae Luimnigh, Muine Gall i gContae Uíbh Fhailí agus Mín Liatroma i gContae Chiarraí. Go dtí seo, ní rabhthas in ann m'ainm Gaeilge a úsáid agus mé ag déileáil le seirbhísí pobail. Fós níl daoine ábalta síneadh fada a úsáid agus iad ag déanamh áirithintí le Aer Lingus.

Is é seo an Bille is tábhachtaí don Ghaeilge le blianta. Aontaím le sprioc an Bhille maidir le postanna sa tseirbhís poiblí. B'fhéidir go gcabhróidh sé le fostaíocht a chruthú. Aontaím freisin leis na moltaí atá curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus pobal na Gaeilge i gcoitinne. Ba cheart don Rialtas dréachtchaighdeáin teanga a fhoilsiú sula dtagann an reachtaíocht seo ar ais os comhair na Dála, agus na leasuithe atá i gceist acu a dhéanamh ar an mBille a chur in iúl dúinn. Gan na gníomhacha seo ó thaobh an Rialtais, beidh sé deacair tacú leis an mBille ar an Dara Céim. Má dhéanann an Rialtas na rudaí seo roimh ré, b'fhéidir go mbeimid in ann tacaíocht a thabhairt don reachtaíocht ar an Dara Céim sa tsúil go ndéanfar na leasuithe cuí ar Chéim an Choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.