Dáil debates

Wednesday, 23 September 2020

Covid-19 (Transport): Statements

 

3:30 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Agus muid ag dul i dtreo fhoilsiú bhuiséad 2021, beidh go leor plé á dhéanamh faoin ráta dífhostaíochta agus faoin mbealach inar féidir linn fostaíocht a chruthú, taobh amuigh de na cathracha móra ach go háirithe. Ar ndóigh, beidh tionscnaimh chaipitiúla lárnach sa phlé sin. Sílim gurb é seo seans don Rialtas cuí a chur ar bhóithre Chonamara. Níl bóthar maith amháin istigh i gConamara faoi láthair. Tá roinnt oibre á déanamh ar an N59 as Gaillimh go dtí an Clochán ach tá deacrachtaí leis an gcuid eile dóibh. Ba cheart na deacrachtaí sin a réiteach go práinneach. Rinne Comhairle Contae na Gaillimhe iarracht bóthar nua a dhéanamh as Gaillimh go Scríb ach arís tháinig deacrachtaí timpeallachta sa bhealach orthu. Dá mbeadh an bóthar nua sin ann, bheadh lánaí rothar ann chomh maith le seans páirceáil agus taisteal. Tá sé ráite ag innealtóirí sinsearacha nach féidir caoi cheart a chur ar bhóthar atá siar le farraige as Gaillimh trí Chonamara toisc go bhfuil an iomarca bóithríní beaga ag síneadh uaidh. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh muintir Chonamara fágtha ar an gcaoi seo. Scríobh mé litir chuig an Aire an tseachtain seo caite faoi Bhóthar Chuan na Loinge atá ag cur bac ar dhaoine dul ag an obair ná ar scoil mar gheall go bhfuil sé faoi uisce chomh minic sin. Tá fadhb amháin eile ann. Níl córas iompair phoiblí sásúil i gConamara ach an oiread. Tá an costas céanna de €13 ar bhus ón gCeathrú Rua go Ghaillimh is atá ar bhus ó Gaillimh go Baile Átha Cliath. Níl sé sásúil.

I want to raise the issue of the dangerous condition of roads in Connemara. As we approach budget 2021, we will need to look at job creation and capital investment projects. I urge the Minister to consider the really dangerous conditions of the roads in Connemara and to intervene urgently to address this situation. The road from Barna to Screebe, which includes cycle lanes, is a prime example of this. I wrote to the Minister last week about the condition of the road at Cuan na Luinge, which has been sinking and is now impassable for residents in the area. The unfortunate reality is that the people of Connemara have few alternatives because there is no adequate bus service. The bus from Carraroe to Galway city costs €13, which is the same as one would pay to go from Galway city to Dublin by bus. I ask the Minister to intervene in this matter without delay.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.