Dáil debates

Tuesday, 8 September 2020

Report of Committee of Selection: Motion

 

3:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim é sin ach is ait gurb é an coiste sin an t-aon choiste reachtaíochta amháin nach bhfuil ar an liosta sin. Is céim síos don Ghaeilge é nach bhfuil sé ann. Bhí dhá mhí ag an gcóras teacht suas le téarmaí tagartha don choiste. Nílim ag cur i gcoinne an rúin toisc nach bhfuil mé i gcoinne na gcoistí a bheith bunaithe; is ait an rud é nach bhfuil an coiste sin san áireamh. Is ceist é a d'ardaigh iriseoirí agus iad atá ag plé leis an nGaeilge liom. An bhfuil sé á chur ar leataobh? Táim ag iarraidh commitment ón Rialtas nach mbeidh moill ar eagrú na dtéarmaí tagartha sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.