Dáil debates
Wednesday, 22 July 2020
Ceisteanna Eile - Other Questions
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
11:50 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tuigim gur fadhb dheacair í seo. Tugann an earnáil seo, a bhfuil luach measta ar thimpeall €50 milliún go bliantúil don gheilleagar sna réigiúin Ghaeltachta bainteach leis, foinse luachmhair ioncaim do na teaghlaigh Ghaeltachta maraon le tairbhe níos leithne do na pobail Ghaeltachta.
Is ciste éigeandála aon uair ar fiú €4.7 milliún chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht atá i gceist. Tógadh an cinneadh seo tar éis d'fhógair mo Roinn ar 20 Aibreán nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19 ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint. Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú, agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go 2022 lena mbaineann.
Mar atá ráite agam, is maith a thuigimid na deacrachtaí atá ag cur as do na hallaí pobail sa Ghaeltacht an samhradh seo mar gheall go raibh éigean don Roinn na coláistí Gaeilge a chur ar ceal de bharr na paindéime. Bhí, agus beidh, oifigigh mo Roinn ar fáil chun an cheist a phlé tuilleadh le lucht na hallaí pobail, más gá. Os rud é go bhfuil na coláistí Gaeilge agus na hallaí pobail ag brath ar a chéile, ba dheas a shamhlú go n-aithneoidh lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge gur mar sin atá sa phlé seo ar fad. Beimid i dteagmháil le lucht stiúrtha faoin ábhar go luath.
No comments