Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna Eile - Other Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

11:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na Gaeltachta i gcoitinne de dheasca Covid-19 - lucht stiúrtha na hallaí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht san áireamh - ós rud é go bhfuil an fhoinse ioncaim bhliantúil a bheadh ag cuid mhaith díobh ceilte uathu i mbliana mar gheall ar na coláistí Gaeilge a bheith curtha ar ceal an samhradh seo. Chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht, d'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7 milliún ar fáil. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Ghaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú, agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go 2022 lena mbaineann.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt. Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina clár tacaíochtaí pobail agus teanga ar leas na hallaí agus ionaid phobail.

Ag aithint, ar ndóigh, go bhfuil rath chóras na gcoláistí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht ag brath ar a chéile, chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara le gairid agus pléadh na hábhair imní atá acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.