Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:50 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú) | Oireachtas source

Is ceist an-sciobtha é. Tá fadhb ann i gContae na Mí mar gheall ar thithíocht nua atá á tógáil i Ráth Chairn. Tá An Bord Pleanála tar éis iarratas pleanála a fhaomhadh a scriosfaidh Gaeltacht Ráth Chairn ina iomláine. Tá an fhadhb sin ag teacht chun cinn arís agus arís i ngach Gaeltachtaí eile. Caithfidh an Rialtas a bheith sásta srian a chur ar chead pleanála sa Ghaeltacht maidir leis an líon teaghlach atá sásta an Ghaeilge a labhairt atá ag dul isteach sna háiteanna sin. Tá Gaeltachtaí leithéidí Ráth Chairn, Baile Bhuirne agus an Rinn in aice le bailte móra thart timpeall na tíre.

12 o’clock

Ba cheart go mbeadh an Roinn ag eagrú córas éigin do dhaoine atá ag tógáil a chlainn le Gaeilge sna chathair agus sna bailte móra chun go mbeidh siad in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht agus a chlainn a thógáil le Gaeilge ansin, ach a gcuirfeadh an Ghaeilge san áit tosaigh, seachas an plean atá ann i Ráth Chairn ag an bomaite a chuireann tógáil tithe san áit tosaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.