Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:40 am

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Admhaím nach mbeidh seans nó am ag an Aire Stáit freagra a thabhairt ach b’fhéidir go mbeidh sé in ann freagra scríofa a thabhairt dom ar an gceist seo. Maidir leis an uimhir mhoil digiteach atá leagtha amach laistigh de na Meastacháin seo, le 31 luaite mar sprioc don bhliain seo, an bhfuilimid ar an treo ceart chun an sprioc sin a bhaint amach an bhliain seo? I bhfianaise an mhéadú ollmhór cinn oibre atá tar éis tarlú de bharr na géarchéime sláinte Covid-19 agus na gealltanais atá sa chlár Rialtais ó thaobh cinn oibre, an smaoineoidh an Roinn ar na spriocanna níos ilmhaoiní de na moil digiteach a chur i láthair amach anseo agus muid ag pleanáil cén áit go díreach a bheidh na moil digiteach seo lonnaithe? An bhfuilimid ag cinntiú go bhfuil treoirlínte ann ionas go mbeidh aidhmeanna ó thaobh spriocanna aistíochtaí agus pleanáil straitéise agus fadtéarmach dár gceantair Ghaeltachta bainte amach freisin? Mar shampla, an mbeidh siad cóngarach do sheirbhísí áitiúla cosúil le scoileanna nó siopaí, chomh maith le naisc chórais iompar poiblí laistigh den Ghaeltacht, agus ar aghaidh go seirbhísí Gaeilge go háirithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.