Dáil debates
Thursday, 9 July 2020
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
11:10 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Go raibh míle maith agat. Sin gealltanais amháin.
Ó thaobh na n-oileán de, tá díomá orm go bhfuil na hoileáin anois faoi Roinn eile. Ceapaim gur droch-chinneadh é sin ach feicfimid. Tá mé sásta obair leis na hAirí agus leis an Roinn eile.
Maidir le polasaí do na hoileáin, cá bhfuil sé? Níl sé luaite in aon áit. Chuireamar rún os comhair na Dála cúpla bliain ó shin agus ghlac formhór na Dála leis an rún sin maidir le polasaí do na hoileáin. Cé atá i gceannas anois? Tá na hoileáin faoi Roinn eile. Cathain a mbeidh an polasaí sin foilsithe?
No comments