Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:10 am

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Laois-Offaly, Independent) | Oireachtas source

Guím gach rath ar an Aire ina ról nua. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair leis. Níl ach am gearr agam agus ba mhaith liom béim a chur ar gheallúintí i gclár an Rialtais maidir le dul chun cinn na Gaeilge. Mar Gaeilgeoir agus mar iar-mhúinteoir, tá sé seo fíorthábhachtach dom. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh dul chun cinn maidir leis an nGaeilge mar phríomhchuspóir ag an Rialtas nua. Tá sé soiléir go bhfuil Conradh na Gaeilge agus TG4 ag déanamh sár-obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar an oileán seo. Tá geallúintí i gclár an Rialtais an scéim teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn agus scéimeanna eile cosúil leis a bhunú. Cuirim fáilte roimh seo ach tá i bhfad níos mó ag teastáil ón Rialtas. Tá maoiniú ag teastáil in ionad focail dhearfacha dheasa ón Rialtas. An fhadhb is mó atá ann ná an t-easpa maoinithe sna Gaeltachtaí. Phléigh mé an fhadhb seo le Conradh na Gaeilge cúpla uair nuair a bhuail mé leo. Tá réiteach ar an bhfadhb ag teastáil chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh níos mó airgid ag dul ón Rialtas seo chuig Údarás na Gaeltachta chun poist a chruthú i gach cúinne den Ghaeltacht. Tá an méid seo ag teastáil ó phobal na Gaeltachta. Mothaíonn siad go bhfuil siad tréigthe agus nach bhfuil siad mar phríomhchuspóir ag an Rialtas agus nach raibh siad mar phríomhchuspóir ag an Rialtas deireanach. Caithimid é sin a athrú.

Last year's revised Estimate for the Department of Culture, Heritage and Gaeltacht amounted to €351 million. I am very concerned that we now have oversight and development of the Gaeltacht mixed in with several other vast and wide-ranging portfolios. Does the Minister accept that this will not give people hope with respect to being able to deliver on commitments for the development of the Irish language strategy, for instance? This issue has been raised in the House time and again. We must get to the root of it and show we are serious about it. There is a real concern that the Irish language will get lost in the maze of the new Department and that it will not be prioritised in the manner in which it should. I dearly hope that we will see a different approach under this Government. What assurances can the Minister give that this will not happen?

Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh gach uile iarracht ar bun ag an Rialtas nua seo an Ghaeilge a chosaint agus a fhorbairt agus gan í a chur ar leataobh sa Roinn nua. Bheadh sé i bhfad níos fearr Roinn amháin don Ghaeltacht a bhunú. Is é sin mo thuairim agus tuairim go leor Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.