Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

10:30 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím leis an Aire, an Teachta Martin, faoin obair atá déanta ag an Teachta Ó Snodaigh agus ag a chlann. Maidir le cúrsaí an údaráis, tuigim an brú faoina bhfuil sé ach bhí ardú sa bhuiséad deireanach. Beidh muid ag obair leis an údarás chun go mbeidh sé san áireamh sa phacáiste spreagtha a sheolfar i mí Iúil chun an dochair atá déanta ag Covid a réiteach. Bhí airgead breise ag an údarás sa bhliain seo. Tá sé ag déanamh an-obair leis an airgead sin. Labhair mé faoi na comharchumainn agus Gteic. Beidh siad sin an-tábhachtach. Tá a fhios agam go bhfuil obair mhór le déanamh againn. Tá sé ráite sa chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an údarás. Tá a anniversary 40 bliain ann. Tá sé in am dúinn obair leis. Tá an ceart ag an Teachta. Déanann an t-údarás níos mó ná fiontar a spreagadh. Déanann sé a lán rudaí eile. Tá sé sin tábhachtach.

Maidir le campaí samhraidh, tá a fhios ag na Teachtaí go bhfuil an Rialtas fós ag plé na rialacha nua le haghaidh scoileanna a thabhairt ar ais, so níl muid in ann aon rud a dhéanamh faoi champaí samhraidh sula gcríochnófar an phlé sin. Tugadh airgead do na campaí samhraidh a reachtáiltear taobh amuigh an tseachtain seo caite. Tá a fhios agam nach bhfuil an aimsir maith go leor do sin faoi láthair ach níl guidelines againn chun aon rud a dhéanamh taobh istigh. Tá airgead ann agus beidh seans ann. Sin an scéal agus an chomhairle a fuair muid ó Mhuintearas - go reachtáilfear rudaí taobh amuigh an samhradh seo.

Tiocfaidh mé ar ais ag an Teachta maidir le cúrsaí uisce ar Inis Oírr agus maidir leis an scéim um thrádáil ar líne. Beidh an scéim sin an-tábhachtach.

Maidir le Dún na nGall, gabhaim buíochas le Teachta Doherty as an gcuireadh. Beidh mé ann. Bhí an iar-Theachta, Pat the Cope Gallagher, ar an nguthán sula raibh a fhios agam go raibh an post sin agam. Tá a fhios agam go raibh geallúint tugtha ag an gcruinniú sin. Tiocfaidh mé ar ais ag an Teachta chomh luath agus is féidir maidir leis an ngeallúint sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh scéimeanna ann do dhaoine óga. Tiocfaidh mé díreach ar ais ag an Teachta faoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.