Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

10:30 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta ag cuardach freagraí ach cuirfidh mé mo cheisteanna. Déanaim comhghairdeas leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta Calleary. Go n-éirí an t-ádh leo. Is é an rud is tábhachtaí a bhfuil mé á iarraidh ón Aire Stáit ná níos mó acmhainní uaidh agus ón Aire sinsearach. Níl dabht ar bith nach bhfuil go leor anseo don Ghaeltacht, do na hoileáin agus d'Údarás na Gaeltachta, mar atá léirithe go soiléir ag an Teachta Ó Snodaigh. Scríobh mé ag an bheirt acu agus thug mé cuireadh chuig an Ghaeltacht i nDún na nGall dóibh. Tá súil agam go nglacfaidh siad leis. Tá cinneadh le déanamh ag an Aire Stáit fosta ó thaobh ionad bualadh isteach don óige i nGaoth Dobhair. Thug an t-iar-Aire Stáit gealltanas dom féin agus don iar-Theachta, Pat the Cope Gallagher, go maoineofar é seo. An bhfuil cinneadh déanta air sin?

Tá staidéar faoi bhráid an Aire Stáit i leith ionad bualadh isteach don aos óg i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Rinne Údarás na Gaeltachta an staidéar sin. Cén uair a bheidh cinneadh déanta air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.