Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

10:10 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ceapadh mé mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus don spóirt agus tá mé thar a bheith sásta a bheith anseo ag labhairt faoi Mheastacháin Athbhreithnithe mo Roinne.

Táim ag súil go mór le tús a chur le mo ról agus a bheith ag obair leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, sa Roinn mar aithním an tábhacht faoi leith atá ag baint leis an nGaeilge mar chéad teanga na tíre, mar theanga beo agus mar chuid riachtanach d’ár n-oidhreacht mar oileán. Beidh mise i mo ról mar Aire Stáit diongbháilte cur le feiceálacht ár dteanga dhúchais agus cur le líon na gcainteoirí laethúla sa bpobal. Mothaím go paiseanta faoi chosaint agus faoi chaomhnú na Gaeltachta chomh maith chun a chinntiú go mairfidh sí mar thobar den teanga bheo.

Táthar ag leanúint le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leis na spriocanna ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá leagtha amach sa Plean Gníomhaíochta 2018-22 a foilsíodh i Meitheamh 2018. Gabhaim buíochas don iar-Aire, an Seanadóir Seán Kyne, as an obair a dhein sé sa Roinn.

I measc na rudaí faoi leith atá luaite sa phlean atá ag imirt tionchair dearfaigh cheana féin ar an nGaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, tacaíochtaí airgeadais mo Roinne agus Fhoras na Gaeilge go príomha don earnáil pobail agus tacaíocht Údaráis na Gaeltachta don earnáil ghnó. Déanfar cistiú don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin, clár C de Vóta na Roinne, a mhéadú faoi 5% sa bhliain 2020 go beagán os cionn €58 milliún.

I mí Aibreáin i mbliana, ba ghá gach cúrsa coláiste samhraidh a chealú ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint le linn na paindéimí Covid-19. Fógraíodh, dá bharr, ciste cobhsaíochta de €4.7 milliún i mí na Bealtaine i mbliana chun tacú leis an earnáil, ar cuid ríthábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta í agus a meastar gur fiú €50 milliún i gach bliain.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhthosaíochtaí eile a dtabharfar aghaidh orthu sa bhliain 2020. Gheobhaidh Údarás na Gaeltachta leithdháileadh caipitil breise €1 milliún, a fhágann go mbeidh a chroí-leithdháileadh caipitil cothrom le €10 milliún san iomlán, méadú de níos mó ná 11% ar an bhfigiúr don bhliain 2019. A bhuí leis sin, beifear in ann infheistíocht bhreise a mhealladh chuig limistéir Ghaeltachta agus tacú le poist a chruthú agus forbairt pobail agus teanga a chothú i réigiúin Ghaeltachta ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, cuireadh €5.6 milliún breise ar fáil don Údarás le roinnt seachtainí anuas idir €5 milliún ón gciste cothaithe fiontair agus €600,000 don scéim dhearbhán trádála ar líne.

Gheobhaidh an tÚdarás cistiú reatha €200,000 sa bhreis do chomharchumainn Ghaeltachta freisin. Fágann sé sin gur tugadh cistiú méadaithe €1 milliún san iomlán don earnáil thábhachtach sin thar na cúig bliana seo a chuaigh thart. Gabhaim mo bhuíochas agus mo chomhghairdeas do na comharchumainn as an obair atá déanta acu i gcomhthéacs Covid-19.

Leithdháilfear €500,000 sa bhreis ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhliain 2020. Tá 18 bplean ceadaithe sa Ghaeltacht cheana agus tá beartaithe go mbeidh an ocht gcinn eile ceadaithe taobh istigh de bhliain. Tá plean teanga de thrí líonra Gaeilge ceadaithe do cheantair lasmuigh den Ghaeltacht: i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach.

Tagann an méid sin sna sála ar na bearta a fógraíodh thar an mbliain seo a chuaigh thart chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga, lenar áiríodh infheistíocht shuntasach bhreise chun tacú leis an earnáil luathbhlianta, le seachadadh teanga sa suíomh teaghlaigh agus leis na healaíona traidisiúnta. Úsáidfear leithdháileadh breise €275,000 don bhliain 2020 chun a chinntiú go leanfar le seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar do na hoileáin. Mar is eol do bhaill an choiste, níor tháinig méadú ar bhuiséid an Fhoras Teanga ó 2016 i leith. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn na buiséid do na forais trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Tugann athbhunú na comhairle deis dúinn anois breathnú arís ar na buiséid sin sa bhfómhair nuair a bheidh cáinaisnéis 2021 á hullmhú.

Níl aon dabht faoi ach go raibh an chéad leath den bhliain reatha dúshlánach do lucht na Gaeilge, agus muid ag cur impleachtaí Covid-19 ar an ngeilleagar san áireamh. Tuigim go maith go bhfuil na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis teacht tríd roinnt blianta crua ó bhí an ghéarchéim eacnamaíochta deiridh ann, ach is féidir leis an Teach glacadh leis go mbeidh mise agus an tAire, an Teachta Catherine Martin, feadh ár gcumais, ag lorg acmhainní breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ón Státchiste le linn ár dtéarma oifige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.