Dáil debates

Wednesday, 10 June 2020

July Education Programme: Statements

 

12:40 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim ag roinnt mo chuid ama leis na Teachtaí Pádraig O'Sullivan, Lahart, Murnane O'Connor agus Flaherty. Tá 15 nóiméad againn agus tógfaidh mise tuairim agus cúig nóiméad as sin. Táim chun ceisteanna a chur ar an Aire freisin.

Táim sásta a bheith anseo agus cuirim fáilte go ginearálta roimh an mhéid a bhí le rá ag an Aire ach níl sé mórán difriúil leis an mhéid a bhí le rá aige an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe sin. Tá easpa eolais fós maidir leis an scéim atá an tAire ag cur ar fáil don mhí seo chugainn. Tá a lán buairt i measc na tuismitheoirí agus na páistí maidir leis an easpa eolais sin. Tá an buairt sin sa mhullach ar an mbuairt, ar an mearbhall agus ar an strus atá ar pháistí agus ar theaghlaigh le trí mhí anuas de bharr na paindéime seo, Covid-19, toisc nach bhfuil na páistí ag fáil am scoile agus seirbhísí sláinte. Tá an caidreamh laethúil a bhíodh acu lena gcuid cairde, lena gcuid múinteoirí agus lena gcuid comhghleacaithe sa scoil in easnamh chomh maith. These students have been without the full school experience since early March. I accept that many teachers, SNAs, schools and parents have gone above and beyond what is required in the digital side of things but this is not a full replacement for the normal school environment. On a number of occasions, the Minister has asked teachers and SNAs to come forward on this. How many have come forward so far?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.