Dáil debates

Wednesday, 27 May 2020

Covid-19 (Taoiseach): Statements

 

3:35 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá dhá cheist agam, ceann amháin i mBéarla agus ceann i nGaeilge. Ní mór dom a rá i dtús báire go bhfuil an teachtaireacht iomlán mhícheart ag dul amach go dtí an tír inniu. Tá muidne i Seomra na Dála, tá sé folamh agus níl aon Taoiseach ann. Tá gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin. I have two questions for the Taoiseach, one in Irish and one in English. First, however, the fact that we are in an empty Dáil Chamber and the Taoiseach is ensconced in another room sends the wrong message to the country at a time when we are trying to instill confidence that we are going in the right direction. There is something seriously wrong with the decision and the advice.

Tá ceist agam maidir leis na coláistí samhraidh. Tá a fhios aige nach bhfuil siad ag dul ar aghaidh an samhradh seo. D'ardaigh mé, an Teachta Éamon Ó Cuív agus Teachtaí eile an cheist seo agus cé chomh práinneach is atá sé pacáiste tarrthála a chur ar fáil. Cén fáth a bhfuil moill ar an bpacáiste tarrthála sin? An bhfuil an Taoiseach réidh le fógra a thabhairt go bhfuil pacáiste tarrthála ann agus cén uair a bheidh an fógra sin tugtha? Gabhaim buíochas leis. Tá ceist eile agam freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.