Dáil debates

Thursday, 5 March 2020

European Council Meeting: Statements

 

4:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé dochreidte agus, i ndáiríre, osréalach a bheith anseo i mbun díospóireachta agus dhá óráid ón Taoiseach agus ó cheannaire Fhianna Fáil gan tagairt, beag ná mór, don ghéarchéim atá ag tarlú ar an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc. Tá sé deacair glacadh leis sin. I mo thuairim, díríonn sé sin an spotsolas ar ár mbréagchráifeacht agus ar an gcur i gcéill atá ar siúl againn mar rialtas. Níl muinín agam go bhfuil muid in ann ár nguth a úsáid mar uirlis síochána sa domhan. A mhalairt atá i gceist. Tá muid ag taobhú le lucht an rachmais agus leis an lámh láidir atá á himirt ar na daoine atá thíos. Ní hé sin an cúlra atá agamsa. Is dócha nach sin an cúlra atá ag an tír seo. Cuireann an cur i gcéill agus ár mbréagchráifeacht ó thaobh na dteifeach olc orm. Tá an bhearna sin le feiceáil sna hóráidí inniu.

It is almost surreal to be taking part in a debate about the future of Europe. We have no copy of the Taoiseach's speech. I am not sure why that is the case. I listened carefully to it when he spoke about the next step, which will be a conference on the future of Europe. It will not be a conference on the emergency existing on the border between Turkey and Greece.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.