Dáil debates

Thursday, 5 March 2020

9:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

De ghnáth, deirimid go bhfuil áthas orainn labhairt ar aon ábhar atá faoi chaibidil sa Dáil ach níl áthas ar aon Teachta a bheith anseo ag caint ar an ábhar seo. Tá buairt ar gach duine. Tá an baol ann go mbeidh daoine sa tír seo trína chéile le buairt ach mar a dúirt an Teachta Ó Laoghaire, tá comhairle tugtha ag an HSE do dhaoine, go háirithe chun a bheith ag ní na lámha. Sin an rud is tábhachtaí agus caithfidh muidne anseo agus muintir na tíre an eiseamláir sin a thaispeáint do gach duine ionas go mbeidh gach duine ansin ag glacadh an comhairle sin agus tá mise ag cur mo mhéar i mo aghaidh, rud nár cheart dom a dhéanamh ach an oiread. Caithfimid a bheith an-chúramach. Tá a lán rudaí ar siúl agus tá buairt ann ach tá sé tábhachtach go n-éistíonn gach duine leis na saineolaithe. Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta O'Callaghan, go bhfuil saineolaithe eile ann agus tá an-mheas agam ar Dr. Tony Holohan agus an fhoireann sin. Tá an-taithí acu. Bhí seisean ag obair i rith géarchéim an SARS i 2003 agus tá sé tábhachtach go bhfuil an taithí sin aige. Tá taithí ann ar fud an domhain freisin. Tá mise ag impí ar an Aire, gan aon eagla nó buairt a bheith air nó ar an Rialtas, aon chinneadh a thógáil, is cuma cé chomh dian, ait nó nua agus atá sé. Má tá gá ann scoileanna a dhúnadh nó aon rud eile a dhúnadh agus a stopadh sa tír seo ionas go mbeimid in ann smacht a chur ar an ngalar seo, caithfimid é sin a dhéanamh. Tá sin déanta i dtíortha eile ar nós na Síne, Singeapór agus tíortha difriúla ach níl aon dabht ann ach go bhfuil dul chun cinn déanta acu maidir leis seo le rialacha an-daingean agus an-ghéar a chur ar fáil ar son leas an phobail. Aontaím le gach Teachta gur an rud is tábhachtaí ná leas an phobail agus sláinte an phobail. Beidh damáiste eacnamúla déanta ach tá sé sin chun tarlú. Caithfimid pobal na hÉireann a chaomhnú agus a choimeád sábháilte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.