Dáil debates
Thursday, 20 February 2020
Ainmniú Iarrthóirí agus Ceann Comhairle a Thoghadh - Selection of Candidate and Election of Ceann Comhairle
1:05 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ar mo shon féin agus ar son mo chomhghleacaithe in Independents 4 Change, déanaim comhghairdeas leis an gCeann Comhairle. Guím gach rath air ina ról nua. Bhí sé cothrom i gcónaí agus tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh sa bhealach céanna. Ba é an teachtaireacht ba láidre a tháinig trasna sa toghchán seo ná go bhfuil athruithe ag teastáil. Tá súil agam go mbeidh ról lárnach ag an gCeann Comhairle ag soláthar na n-athruithe sin. Guím gach rath ar an Teachta Naughten agus déanaim comhbhrón leis. Táim cinnte go mbeidh lá eile ag an bPaorach. Idir an dá linn, beidh deis ag chuile dhuine a bhfuil suim aige nó aici i ról mar chathaoirleach feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Táim ag tnúth leis an lá go mbeidh bean láidir sa suíochán.
No comments