Dáil debates

Tuesday, 10 December 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:35 pm

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, leagadh é faoi bhráid an Rialtais maidin inniu. Tá áthas orm gur tugadh cead é a fhoilsiú agus tús a chur leis an bpróiseas reachtaíochta san Oireachtas. Is céim mhór chun tosaigh í seo.

Cinnteoidh an Bille nua go leanfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla de bheith ina thacaíocht do gach duine ar mhian léi nó leis seirbhísí d'ardchaighdeáin i nGaeilge a fháil ón Stát.

Creidim féin agus an Rialtas go ndéanfaidh an reachtaíocht difríocht mhór don Ghaeilge agus do shaol na Gaeilge sa tír seo. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Kyne, agus don Roinn as an obair atá déanta acu air seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.