Dáil debates

Tuesday, 26 November 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Maidir le Bille na dteangacha oifigiúla, dúirt an Taoiseach go raibh náire air agus thug sé a bhriathar go raibh an Rialtas ar tí an Bille a fhoilsiú. Dúirt an tAire Stáit go raibh an Rialtas ar tí an Bille a fhoilsiú. Thug siad geallúintí sollúnta go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na seachtaine seo. In ainneoin na ngeallúintí sin, níl tásc ná tuairisc ar an mBille. Níl a fhios agam cé mhéad uair gur féidir leis an Taoiseach agus an Aire Stáit a ngeallúintí a bhriseadh ach tá an bonn óir tuillte acu anois. Níl mé ag iarraidh freagra ón Aire sóisearach. Táim ag iarraidh freagra ó Thaoiseach na tíre. Cá bhfuil Bille na dteangacha oifigiúla? An mbeidh sé foilsithe, de réir a gheallúintí, roimh dheireadh na seachtaine seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.