Dáil debates
Tuesday, 19 November 2019
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Junior Cycle Reform
5:15 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Aontaím leis na pointí deireanach a rinne an Teachta maidir leis an bhean atá ag obair in RTÉ. Aontaím freisin faoin leanúnachas agus an díospóireacht faoin teanga. Sílim gur chóir do dhaoine tosú níos óige, roimh an scoil, agus go mbeadh leanúnachas ann tríd an bhunscoil agus an mheánscoil ina dhiaidh sin. Ba chóir do pháistí a bheith ag foghlaim na teanga go nádúrtha agus i mbealach sóisialta, ag labhairt lena gcairde agus iad ag súgradh, lena dtuismitheoirí sa siopa, nó lena gcomharsan trí Ghaeilge. Sin rudaí nádúrtha.
Tá athbheochan ag tarlú sa Ghaeilge, agus tá suim ag daoine, tuismitheoirí agus múinteoirí scoile inti. Teastaíonn cuidiú ó mhúinteoirí maidir leis na scileanna a bheidh uathu. Beidh muid ag bogadh na hábhair le chéile maidir le CLIL agus beidh acmhainní breise faoina choinne sin thar trí bliana. Tá muid ag amharc freisin ar na scoileanna lán-Bhéarla agus ag iarraidh go mbeidh níos mó solúbthacht agus suntasacht acu amach anseo d’fhoghlaim na Gaeilge.
No comments