Dáil debates

Tuesday, 19 November 2019

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Junior Cycle Reform

5:05 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim ag ardú ábhar tábhachtach maidir le scrúdú béil na Gaeilge sa teastas sóisearach. Tá sé imithe ach beidh a fhios ag an Aire go bhfuil conspóid ann faoi láthair maidir le cé chomh crua is atá an páipéar Gaeilge agus maidir leis an easpa scóip le béalthuiscint a thaispéaint do scrúdaitheoirí. Tá múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ar buille maidir leis seo. Tá siad buartha go gcuirfidh an scrúdú seo, an deacracht a bhaineann leis, agus an easpa scrúdú béil daltaí as a bheith ag foghlaim na Gaeilge. Ceapann siad gur dáinséar don Ghaeilge é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.