Dáil debates

Thursday, 14 November 2019

Financial Challenges Facing RTÉ and its Revised Strategy 2020-2024: Statements (Resumed)

 

1:50 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ról an-tábhachtach faoi leith ag RTÉ ó thaobh seirbhísí craoltóireachta poiblí. Tá sé ag freastal ar phobal ollmhór go forleathan i mBéarla agus as Gaolainn. Cuireann sé nuacht, spórt, cláir faisnéise, agus go leor eile ar fáil. Tá fíor-nuacht i gceist leis, i dtréimhse ina bhfuil go leor nuacht bréagach ann. Is ábhar buartha dom nach raibh ach eolas beag ann faoi todhchaí RTÉ, TG4, agus Raidió na Gaeltacht nuair a sceitheadh an tuairisc sin. D'fhág sé go leor daoine ar lár. Caithfidh an tAire dearbhú a thabhairt maidir le todhchaí craoltóireacht as Gaolainn, TG4, agus Raidió na Gaeltachta. Caithfidh sé cinntiú go bhfuil na seirbhísí sin slán. Tá ról an-tábhachtach ag RTÉ agus é ag freastal ar phobal na Gaolainne. Tá dualgais air maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an coimisinéir tar éis a rá go bhfuil sé ag sárú an dlí maidir leis sin. In ainneoin sin, tá sé fós ag freastal ar phobal mór Gaolainne agus ag mealladh daoine i dtreo na Gaolainne. Caithfidh an tAire a chinntiú go mbeidh dul chun cinn, forbairt agus fás air agus nach mbeidh aon chúlú ann. Ní raibh aon tagairt don cheist sin sna tuairiscí. Caithfidh an tAire agus RTÉ dearbhú a thabhairt maidir leis sin. Caithfear cuimhniú chomh maith go bhfuil go leor comhlachtaí tar éis fás agus iad ag cur fostaíocht agus seirbhísí do na cainéil sin ar fáil. Tá siad ag cur fostaíocht ar fáil ar fud na tíre i gcomhair go leor daoine. Tá siad ag freastal ar chraoltóirí eile ar fud na cruinne chomh maith de bharr go raibh TG4 ann ó thús.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.