Dáil debates
Thursday, 14 November 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
1:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
An nglacfaidh an Rialtas seasamh ar mhaithe leis an nGaeilge sa chóras oideachais? An ndéanfaidh sé impí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit tarraingt siar ón bpáipéar scrúduithe a d'fhoilsigh sé an tseachtain seo don tsraith shóisearach? Tá múinteoirí Gaeilge ag rá go soiléir go bhfuil ísliú céime i gceist leis an bpáipéar sin, go bhfuil sé scannalach, agus cur ceap magaidh é. Iompóidh sé daltaí i gcoinne an teanga náisiúnta. Tá sé tubaisteach go bhfuil an cúrsa sóisearach fós dírithe ar an litríocht seachas ar an teanga labhartha.
No comments