Dáil debates

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Teanga Gaeilge

10:35 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022, a d'fhoilsigh mo Roinn i mí an Mheithimh 2018, an mapa bóithre ina ndéantar rianú ar cad a dhéanfar chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022. Os rud é go bhfuil comhfhreagracht agus comhúinéireacht ag croílár an cur chuige, is plean tras-Rannach é agus is gá do gach ceann den 60 páirtí leasmhar a ndéantar a rianú sa phlean a gcion a dhéanamh chun go mbeidh an toradh is fearr a bhféadfaí a bheith ag súil leis mar a bhaineann sé le cur chun feidhme an breis agus 180 beart atá ann.

Leagtar amach córas monatóireachta úrnua sa phlean chun a chinntiú go bhfuil cur chuige níos éifeachtaí agus trédhearcaí ann a chinnteoidh dul chun cinn mar is cuí. Mar chuid den chóras seo, tá coiste stiúrtha atá ag feidhmiú faoi chathaoirleacht mo Roinne i mbun monatóireachta ar fheidhmiú an phlean ó foilsíodh é. I gcomhréir le cinneadh Rialtais, tá beartaithe an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn a fhoilsiú go luath tar éis í a bheith leagtha faoi bhráid an Rialtais. Is tríd an mheicníocht seo go príomha a ndéantar faireachán agus tuairisciú maidir leis an bplean.

Maidir le gnóthaí airgeadais, anuas ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge d'os cionn €11 milliún in aghaidh na bliana, tá leithdháileadh de bheagnach €58 milliún curtha ar fail i bhfomhír C de chuid mo Roinne don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin do 2020. Cuimsítear sa soláthar ardaithe mar seo a leanas: infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 é don phróiseas pleanála teanga a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin; ardú de €1 milliún nó 11% ar sholáthar caipitil d'Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh a chur lena chumas a chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta agus; €200,000 breise do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta. Chomh maith leis sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan socrú. Tríd na córais threisithe mhonatóireachta agus an cistíocht bhreise ar thagair mé dó, táim sásta go bhfuil cur chuige sásúil i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh cúram ceart á dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2020.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.