Dáil debates
Wednesday, 23 October 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:05 pm
Declan Breathnach (Louth, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá gealltanas sa chlár Rialtais go gcuirfidh chun tosaigh ár dteanga dhúchais. Tá deacrachtaí ar fud na tíre, agus i gContae Lú ach go háirithe, maidir le Gaelcholáistí, toisc nach bhfuil go leor múinteoirí dátheangacha ann agus nach bhfuil daltaí ag dul ó na bunscoileanna go dtí na haonaid. Iarraim ar an Rialtas scéim phíolótach a chruthú in aonad Choláiste Lú i gColáiste Chú Culainn agus comhoibriú a dhéanamh le Louth and Meath Education and Training Board agus an Foras Patrúnachta chun réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. If we do not address the issue of dual language teachers, we will not be able to meet that commitment in every county. I, therefore, ask the Taoiseach to seriously examine this issue.
No comments