Dáil debates

Tuesday, 1 October 2019

Status of History in the Framework for Junior Cycle: Statements

 

7:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tréaslaím leis an Aire faoin gcinneadh seo. Tá an chéim cheart tógtha aige, cé go bhfuil soiléiriú ag teastáil, mar a dúirt mo chomhghleacaí. Tréaslaím leis gur sheas sé suas ar son na staire sa chás seo. De réir an méid atá léite agam go dtí seo, is léir go mbeidh gá do pháistí atá ag déanamh an teastas sóisearaigh staidéar a dhéanamh ar an stair, rud atá ríthábhachtach.

Táim sáite leis an stair ó rugadh mé. D’oibrigh m’athair sa mhúsaem agus bhí máistreacht staire aige féin agus ag mo mháthair. Tógadh mé le leabhair agus stair timpeall orm. Staraí a bhí i mo sheanathair i Luimneach chomh maith. Is féidir staidéar a dhéanamh ar ghnéithe difriúla den saol sa stair, mar stair pholaitiúil nó stair áitiúil. Ní thuigeann daoine a bhíonn ag gearáin faoin stair go bhfuil réimse mór leathan i gceist. Caithfidh tuiscint éigin a bheith ag daoine ar an stair chun tuiscint cheart a bheith acu ar eolaíocht, ar theangacha difriúla, ar chultúir difriúil timpeall an domhain, nó fiú ar an ríomhaireacht. Tuigfidh siad cárbh as ar tháinig gach uile ghné den ábhar sin. Tá fréamhacha na staire i mbeagnach gach uile ábhar eile atá á mhúineadh ar scoil. Tá gach uile ábhar eile a theastóidh ó dhaoine agus iad ag plé leis an domhan mór nuair a fhágann siad an scoil ghafa sa stair.

Is gá an t-ábhar a mhúineadh i gceart, áfach. Sa lá atá inniu ann, tá sé i bhfad níos éasca stair a mhúineadh i slí amháin nó slí eile toisc go bhfuil na foinsí beagnach ag barr na méara ag na múinteoirí agus ag na mic léinn. Tá sé i bhfad níos éasca féachaint ar phictiúir den ábhar atá i gceist ná mar a bhí nuair a bhí mise ar scoil. Bhraith na glúine a bhí romhainn ar théacsleabhar amháin, agus bhí orthu dátaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, gan tuiscint iomlán acu ar an ábhar. Tréaslaím leis an Aire faoin gcinneadh seo, agus faoi na cinntí eile a ghlac sé le déanaí maidir le gaelscoileanna. D’fhéadfaí níos mó cinntí a ghlacadh ach tá an obair cheart á dhéanamh ag an Aire faoi láthair. Molaim sin.

Deirtear mura bhfuil fios ag daoine ar an stair, go ndéanfaidh siad athrá ar na botúin atá sa stair sin. Má thuigeann muid é, beimid in ann foghlaim ón stair. Ar ndóigh, tarlaíonn díospóireacht bhríomhar idir staraithe agus bíonn léamh difriúil ag daoine ar an stair. Ní gá ach féachaint timpeall an Tí seo chun tuiscint cé chomh tábhachtach atá an stair, fiú in Éirinn. Insíonn an stair dúinn cén fáth go bhfuil na páirtithe difriúil polaitiúil anseo, cárbh as ar tháinig muid, na polasaithe ar son a seasaimid, agus na daoine agus fáthanna a bhí leis na páirtithe sin ar an gcéad dul síos. Feictear aineolas sa Teach seo faoi stair na páirtithe ó am go ham. Ní thuigeann daoine cad as ar tháinig siad, nó an stair atá gafa leis na páirtithe sin.

An méid sin ráite, tá an cinneadh ceart déanta ag an Aire. Tá gá dúinn cinntiú anois nach dtarlaíonn aon íosghrádú sa stair, mar atá tarlaithe le blianta agus atá fós ag tarlú leis an Ghaeilge. Tugtar díolúintí do pháistí sa chaoi nach gá dóibh na scrúduithe a dhéanamh ar fháth amháin nó fáth eile. Caithfimid díriú isteach ar sin agus cinntiú nach dtarlóidh sé leis an stair chomh maith de bharr fadhb éigin a bheith ag duine. Ba chóir go mbeadh an stair múinte do gach uile pháiste, cuma má tháinig siad isteach sa tír i mbliana nó anuraidh. Má tá fadhbanna ann ó thaobh cur i láthair, déileálfaimid leo. Ba chóir go mbeadh na háiseanna ag gach uile scoil chun stair a mhúineadh sa treo ceart chun go dtiocfaidh mic léinn amach ón scoil le tuiscint acu ar an timpeallacht timpeall orthu, cárbh as ar tháinig siad féin, an baile, agus a gclann. Tuigfidh siad todhchaí na tíre seo agus a dtodhchaí féin de bharr an méid eolais atá acu ar a gcuid staire féin ar an gcéad dul síos.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.