Dáil debates

Tuesday, 1 October 2019

Status of History in the Framework for Junior Cycle: Statements

 

7:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní bheidh agam ach soundbite. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé buartha faoin bhfoclaíocht mar nuair a thagann foclaíocht chun cinn atá faighte againn, bíonn amhras orainn mar gheall ar céard atá ar bun. An bhfuil cleasaíocht ar bun? An bhfuil imeartas focal ar bun? Creidim go bhfuil oideachas, ag bailiú eolas agus oiliúint a chur ar dhaoine thar a bheith tábhachtach. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh daoine eolas ar stair an domhain agus stair a dtíre agus go dtuigfeadh siad cárb as díobh. Cén chaoi gur féidir pleanáil don todhchaí muna dtuigtear an rud atá tarlaithe cheana féin? Caithfidh mé a rá go molaim an tAire as ucht dul in aghaidh an comhairle ach tá faitíos orm go bhfuil lúb ar lár éigin sa méid atá ráite aige. Sílim go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach sa Teach anseo anocht go ndéanfadh sé soiléiriú beacht an mbeidh ar gach uile dalta staidéar a dhéanamh ar stair suas go leibhéal an teastais shóisearaigh. Sin í an cheist atá ag cur as do gach uile duine anseo anocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.