Dáil debates
Tuesday, 1 October 2019
An tOrd Gnó - Order of Business
3:25 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá síneadh breise ceithre mhí sínithe don chonradh seirbhís d’Aer Arann, suas go deireadh mí Eanáir 2020. Ina dhiaidh sin, beimid ag breathnú ar chonradh fadtéarmach agus tá muid fós ag brú ar aghaidh leis an iarratas chun an t-aerfort agus na haerstráice sna Mine a cheannach ar son an Stáit.
No comments