Dáil debates
Thursday, 19 September 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Bóithre Gaeltachta
10:50 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar atá ráite agam, cheadaigh muid €350,000 d'oileáin Dhún na nGall an bhliain seo caite agus ní raibh ach €40,000 ceadaithe d'oileáin na Gaillimhe. Sílim go raibh €200,000 ceadaithe do na hoileáin i gContae Chorcaí. Táimid an-fhéaráilte trasna na tíre ó thaobh oibrithe ar na hoileáin. Tá mé sásta casadh le grúpaí ó Dhún na nGall, ach níl ról lárnach agam i dtaobh na bóithre. Níl freagracht agam i dtaobh bóithre na Gaeltachta. Níl airgead ar fáil i mo Roinn do na bóithre Gaeltachta ón uair a dhúnadh an scéim a bhíodh ann go dtí 2009 nó 2010. Chas mé leis na hAirí, na Teachtaí McHugh, Ring agus Donohoe, roimh chruinniú an Rialtais coicís ní trí seachtaine ó shin leis an ábhar seo a phlé. Phléigh muid é. Tá i bhfad níos mó airgid ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le haghaidh na mbóithre trasna na tíre. Tá mé sásta comhoibriú leis na Ranna sin agus leis an Teachta Gallagher maidir leis na fadhbanna atá ag dul i bhfeidhm ar na bóithre i nGaoth Dobhair nó aon áit eile.
No comments