Dáil debates

Tuesday, 17 September 2019

Offshore Islands: Motion [Private Members]

 

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach cainteoir. Tá an chosúlacht ar an scéal go nglacfaidh formhór na Dála leis an rún seo. Cé go mbeinn sásta leis an toradh sin, ba mhaith liom go mbeadh an Rialtas sásta leis an rún seo freisin. Cé nach bhfuil drogall ar bith orm a admháil go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an Rialtas seo agus ag Rialtais eile ar thograí éagsúla ar na hoileáin, caithfidh mé a rá nach bhfuil polasaí cuimsitheach ag an Rialtas dóibh. Is é sin croílár an rúin. Dúirt an tAire Stáit ina óráid go bhfuil fadhb aige. Tá sé admhaithe agam go bhfuil obair mhaith déanta ag an Rialtas. Níl drogall ar bith orm é sin a admháil. Glacaim leis an mhéid atá leagtha amach sa leasú faoin obair sin. Más mian leis an Rialtas, beidh mé sásta leasú a dhéanamh ar mo rún ionas go n-admhaítear sa rún go bhfuil obair mhaith déanta. B'fhéidir go réiteodh sé sin an fhadhb. Is í an fhadhb atá ann i ndáiríre, áfach, ná go bhfuil faitíos ar an Rialtas - b'fhéidir go bhfuil rud éigin níos tromchúisí i gceist - polasaí cuimsitheach i dtaobh na n-oileán a fhorbairt go práinneach. Is é sin an t-aon rud atá ag teastáil. Níl muinín againn as an Rialtas seo nó as aon Rialtas. Bhí coiste tras-rannach i gceist sa bhliain 1996, ach níl aon pholasaí againn go fóill. Tuigeann an tAire Stáit é sin. Tá neart oibre déanta aige agus tá a chroí san áit cheart.

Perhaps I can solve the problem and not have a divisive vote. Deputy Pearse Doherty put it well. We should not divide on the islands. They are the jewels in the crown. They have shown us the way forward, not only in surviving but in a sustainable way of living. They have existed in a vacuum. Professor Ferriter has captured it beautifully in his book where he points out the contradictory policies on the island over the years from all Governments. Governments could not make up their mind what they wanted to do with them.

That is captured if one looks at the review that I mentioned originally. Between 1998 and 2004, an independent report was commissioned on the previous report. One can see why we are cynical. One of the major conclusions was the original justification for the allocation of public resources, as set out in the 1996 report, is still applicable and continued support for island communities is warranted. Imagine, after a report, they are telling us that it is warranted, as opposed to what was mentioned by Deputy Joan Burton. It is unusual for me to quote the Labour Party but I agree with her. There is a complete lack of vision. That sentence captures it, does it not? Bhí an mhéid a bhí á rá acu srianta amach is amach. It is telling us it is still warranted as opposed to addressing what the Government can do to help them survive.

The clock caught up on me earlier. I wanted to refer to some of the problems on the islands. I might have misled the Minister of State on one of them. Ós rud é nach bhfuil aitheantas mar scoileanna beaga faighte ag Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus Coláiste Ghobnait ar Inis Oírr, i gcodarsnacht leis an scoil ar Inis Mór, tá an dá scoil thíos ó thaobh líon na múinteoirí atá acu. Chomh maith leis sin, tá idirdhealú déanta i gcás na scoileanna atá ag múineadh trí Ghaeilge a thagann faoi scáth an bhoird oideachais agus oiliúna. Mar is eol don Aire Stáit, faigheann na scoileanna sin níos lú airgid ná na scoileanna atá ag múineadh trí Ghaeilge nach dtagann faoi scáth an bhoird oideachais agus oiliúna.

D'fhéadfainn a lán fadhbanna eile a lua. Dé réir an eolais a fuair mé inniu, bhí daoine den tuiscint go raibh €250,000 ag dul go dtí na hoileáin. Níl mé cinnte an bhfuil sé seo fíor. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Aire Stáit leis na sonraí. Tá an chuma ar an scéal go raibh an t-airgead sin ceadaithe, ach ní fhaca aon duine é.

Is mian liom pointe a dhéanamh a bhaineann le cúrsaí sláinte. Is pointe ginearálta é, ach tá sé thar a bheith tábhachtach. Baineann sé leis an athbhreithniú a rinneadh sa bhliain 2017. Níor fhoilsíodh é go dtí gur chuir muidne agus an Teachta Ó Cuív brú damanta ar an Rialtas é a fhoilsiú. D'fhoilsíodh an tuarascáil sin sa bhliain 2018, agus neart moltaí istigh ann. An bhfuil aon airgead ann do na moltaí sin? An bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm? Ní dóigh liom go bhfuil. Ní dóigh liom go bhfuil aon airgead curtha ar leataobh do na moltaí sin. Is dóigh liom go raibh 72 moladh sa tuarascáil.

I ndeireadh na Dála, ní rún radacach é an rún seo. Tá mé ag iarraidh sprioc ama a leagan amach ionas go mbeidh dáta srianta i gceist ó thaobh polasaí a fhorbairt. Má tá an Rialtas míshásta nach bhfuil na pointí maithe luaite agam sa rún, glacaim leis an gcuid sin den leasú. Is dócha nach mbeidh an vóta againn an tseachtain seo. Dá bhrí sin, tá neart ama ag an Aire Stáit machnamh a dhéanamh ar an ábhar seo. Tá go leor machnamh le déanamh ó thaobh na n-oileán. Níl mórán ama fágtha dul i ngleic leis an laghdú daonra atá ag tarlú. Ní raibh deis agam caint faoin laghdú atá ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge ar na hoileáin. I ndáiríre, táimid i gcruachás ó thaobh na Gaeilge de in ainneoin na rudaí maithe atá déanta.

Impím ar an Aire Stáit gan an rún seo a chur chun vóta. Ba cheart don Rialtas glacadh leis an rún. Ba mhaith liom rudaí i bhfad níos radacach a fheiceáil. Sa rún seo, táimid ag iarraidh an Rialtas a tharraingt linn. Is mian linn a chur in iúl don Rialtas go bhfuilimid i ndáiríre faoin gcruachás agus faoin ngéarchéim atá ar na hoileáin. Ba cheart polasaithe i dtaobh na n-oileán a fhorbairt go práinneach. Mar fhocal scoir, ní thuigim cad atá taobh thiar de thuairim an Aire Stáit nach féidir le muintir na n-oileán bheith i seomra leis na hoifigigh. Más rud é nach bhfuil dóthain spáis ann do dhaoine ag an gcoiste idir-rannach, tá sé sin ceart go leor ach ba cheart athrú a dhéanamh. Sa chás sin, ba chóir don Rialtas fóram eile a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.