Dáil debates

Tuesday, 17 September 2019

Offshore Islands: Motion [Private Members]

 

11:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leo siúd a chur an rún seo os comhair na Dála agus a tharraing fócas ar phobal na n-oileán. Is fócas é nach mbíonn ag an institiúid seo, ag an Rialtas ná ag cuid mhór de phobal na hÉireann go minic. Ní dhírítear air go minic agus is mór an trua é sin. Is trua é freisin nach dtógann an chuid is mó de pholaiteoirí, saoránaigh agus grúpaí pobail cad atá ag tarlú ar na hoileáin san áireamh nuair atá siad ag forbairt polasaithe, ag dáileadh seirbhísí nó tacaíochtaí, nó ag smaoineamh ar obair a dhéanamh. Ní thógann siad na deacrachtaí atá acu siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin san áireamh. Measaim gurb é an t-aon uair a thugann a lán daoine sa Stát tús áite dóibh siúd ar na hoileáin ná nuair a chaitheann siad a vótaí toisc gurb iad an chéad dream a chaitheann iad. Díríonn na meáin chumarsáide isteach orthu ar feadh lá amháin agus is minic a dhéantar dearmad orthu ina dhiaidh sin. Ba chóir go dtabharfaimis níos mó tosaíochta dóibh siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin agus ag obair orthu agus do na deacrachtaí atá acu fanacht agus cuidiú leis an gcultúr agus traidisiún a ghabhann le bheith i gcónaí ar oileán.

Mar a dúirt mé, tá deacrachtaí ann. Tá sé éirí níos deacra do a lán daoine a bheith ina gcónaí ar na hoileáin sin, go háirithe de bharr an bhrú níos mó atá ann sa tsochaí. Bíonn sé deacair ar thithe earraí difriúla a fháil. Tá brú ann maidir le siopaí agus oideachas. Ba chóir go mbeadh sé ag éirí níos éasca leis an oiread dul chun cinn atá déanta againn mar gheall ar bhóithre, innealra, gléasanna nua-aimseartha, na meáin chumarsáide, agus na meáin shóisialta. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad níos éasca orthu, nó beagáinín níos éasca ar aon chor, ach is é an cuma atá ar an scéal ná go bhfuil sé ag éirí níos deacra. Sin an fáth go bhfuil muid ag feiceáil níos lú agus níos lú daoine ag fanacht agus ag tógáil a gclann ar na hoileáin. Ag cur leis sin, toisc go bhfuil an Ghaeilge láidir ar an gcuid is mó de na hoileáin timpeall na tíre - mar shampla, na hOileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe nó leithéidí Thoraigh nó Inis Bó Finne - tá roinnt den dul in éag mar gheall ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ghafa leis sin.

As the motion states, the experts on offshore islands are not those within this House, myself included, but those who live on the islands. They need to be listened to. If we do not listen to them, we will lose a valuable and unique cultural and traditional resource. They are people and they deserve to live. They deserve the rights and services their specific area needs. I do not understand why the Government's amendment acknowledges the dynamism of island communities and so on but seeks to establish an interdepartmental committee without, it seems, consulting the islanders first. I welcome the Independents 4 Change motion. It was brought forward in good faith and what is contains comes from the frustrations of the island communities, which arise from the meaningless promises that were made to them from 1996 onwards, and even before then. We should reject the Government's amendment and support the motion to send a message to those who are living and surviving on the islands that we have their interests at heart and will continue to work with them and for them.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.