Dáil debates
Wednesday, 10 July 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:50 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Maidir le reachtaíocht atá geallta, chuir sé gliondar i mo chroí nuair a chuala mé an Taoiseach ag rá an tseachtain seo caite go bhfuil Bille na dteangacha oifigiúla réidh. Níl a fhios agam cén dáta atá i gceist. An féidir leis an Taoiseach soiléireacht a thabhairt dom, mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán? Cén uair a fhoilseofar an Bhille?
No comments