Dáil debates
Wednesday, 3 July 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:50 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Le linn cruinniú de chathaoirligh na gcoistí éagsúla le déanaí d'adhmhaigh an Taoiseach go hionraic go raibh náire air agus mé ag ardú cheist Bhille na dteangacha oifigiúla beagnach chuile sheachtain sa Dáil. D'fhógair sé go raibh náire air agus go ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis an mBille. Cén uair a bheidh sé foilsithe? Fuaireamar geallúintí solúnta go mbeidh sé foilsithe roimh an tsamhraidh. Táimid i rith an tsamhraidh anois agus beidh an téarma Dála críochnaithe an tseachtain seo chugainn ach fós níl tásc ná tuairisc air.
No comments