Dáil debates

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is iarracht é an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá an Rialtas ag súil go mbeidh an tAcht nua ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an BhiIle.

Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. De bharr sin, beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ó shin i leith agus tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Cé go bhfuil píosa oibre le déanamh air go fóill, táim dóchasach go mbeidh an Bille foilsithe againn go luath agus go mbeimid in ann an chéad chéim eile a ghlacadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.