Dáil debates
Wednesday, 12 June 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
An Coimisinéir Teanga
10:40 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Sin ceann de na fadhbanna. Sin an fáth go aontaím le chuile dhuine go bhfuil an Acht atá againn faoi láthair sort lag ó thaobh na ndualgas agus nach bhfuil dóthain meas ag comhlachtaí ar an teanga. Caithfimid níos mó a dhéanamh.
Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh leasú ar an mBille agus go mbeidh níos mó dualgas ar na comhlachtaí, go mór mór na comhlachtaí a bheidh ag obair sa Ghaeltacht agus ag obair le muintir na Gaeilge a bheidh ag labhairt agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Beidh an díospóireacht sin san fhómhar nuair a bheidh an Bille foilsithe, roimh an sos nó roimh dheireadh an téarma seo.
Tá sé sin fíorthábhachtach. Aontaím go gcaithfimid é sin a dhéanamh. Is é sin an fócas atá againn, agus tá a fhios agam go mbeidh ceist againn i gceann nóiméad ón Teachta Calleary ar an ábhar sin. Aontaím go gcaithfidh na comhlachtaí Stáit a bheith cinnte faoina ndualgais agus go mbeidh siad sásta iad a chomhlíonadh. Beidh na rudaí sin á bplé sa Bhille nuair a bheidh sé foilsithe.
No comments