Dáil debates
Wednesday, 22 May 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:40 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhí an Coimisinéir Teanga i láthair ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné. Uair amháin eile, dúirt sé go raibh fíorghá le uasdhátú a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis na teangacha oifigiúla le cosaint a thabhairt don Ghaeilge. Le fada an lá, tá Bille leasaithe geallta dúinn le leasú a dhéanamh ar an Acht teanga atá ann i láthair na huaire. Cén uair a fhoilseofar an Bhille a dhéanfaidh leasú ar an Acht teanga?
No comments