Dáil debates

Wednesday, 8 May 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fad is a táimid ag caint faoi sheirbhísí do cheantair tuaithe agus go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas na ceantair tuaithe a shábháil le córas leathanbhanda ar an lámh amháin, ar an lámh eile, tá scrios á dhéanamh ag an Rialtas le seirbhísí agus tá mé ag caint faoi cheantair tuaithe i nGaillimh agus go háirithe i ndeisceart na Gaillimhe. Tá deireadh curtha le seirbhísí fisiteiripe ar an talamh. Tá deireadh curtha leis a lán seirbhísí eile ar nós oibrithe sóisialta. Is é mo cheist inniu ná, má tá an Rialtas dáiríre faoi sheirbhísí do cheantair tuaithe, cén chaoi gur féidir leis an Rialtas seasamh le cinneadh atá déanta ag an bFheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte deireadh a chur le seirbhísí fisiteiripe i nGaillimh, seirbhísí atá thar a bheith práinneach agus daoine a tharraingt isteach go dtí cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil plódaithe agus a bhfuil tranglam tráchta ann?

Cén chaoi gur féidir leis an Rialtas seasamh leis an gcinneadh sin chun deireadh a chur le seirbhísí atá thar a bheith tábhachtach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.