Dáil debates
Wednesday, 10 April 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:45 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, beidh mé ag coimeád brú ar m'fheidhmeannaigh, ar Oifig an Ard-Aighne, agus ar na dréachtóirí. Bíonn cruinnithe agam, mar Phríomh-Aoire, le feidhmeannaigh Oifig an Ard-Aighne gach uile trí seachtaine nó thart air sin chun dul chun cinn reachtaíochta atá ar an liosta tosaigh, agus aon fhadhbanna leo, a phlé. Tá an Bille seo ar bharr mo liosta. Tá a fhios ag na dréachtóirí faoi sin. Tá siad ag obair ar an mBille. Tá an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an phróisis earcaíochta, ó thaobh caighdeán Gaeilge, agus ó thaobh cuid de na fadhbanna a bhíonn i gcónaí á bplé ag an gCoimisinéir Teanga agus a bhíonn á bplé sna mheáin, mar shampla, na rudaí a tháinig amach i rith na seachtaine maidir leis an síneadh fada ar ainmneacha daoine. Is drochrud é sin d'aon duine. Tá an ceart ag daoine a n-ainmneacha a bheith scríofa i gceart ag gach uile eagraíocht Stáit. Beidh sé sin leagtha amach sa reachtaíocht nua.
No comments